Thursday, January 3, 2013

Tugaigí Domsa É


                                           Tugaigí Domsa É

ó Scéalta Chois Cladaigh le John Henry

Mhoithigh mé m’athair mór ag insint ‘ (go ndéana Dia grásta air).
Fada ó shin bhí fear i gCeathrú na gCloch. ‘Sé an t-ainm a bhí air, Tomás Mór agus ba fhear cinéal aimhleasach é, mar a déarfá. Ní thabharfadh sé isteach i ngnoithe slua sí nó i ngnoithe Dhia nó Mhuire; bhí sé ag obair ar a bhealach féin.

Ach an uair sin, bhíthí ar siúl le gnoithe leathaigh i gCladach na Rinne Ruaidhe ar ndóigh. Ba ann a chaitheadh na créatúir oíche agus lá ag iarraidh bheith ag tiomsú leas fataí agus rudaí…
Ach an lá seo, bhí páist le bású i gCeathrú na gCloch. Ach má bhí féin, d’imigh Tomás Mór tráthnóna leathmhall siar go Cladach an Phoirt ar thóir leathaigh. Agus thiomsaigh sé ar mhodh ar bith. Bhí sé ag tiomsú leis siar i mBearna an Leathaigh go ndeachaigh sé go dtí an Staca Liath go ndearna sé obair lae le leathaigh le haghaidh an asail. Asail a bhí ann an uair sin ag imeacht ag gach uile fhear.


Ach nuair a bhí ‘ sin déanta aige, dúirt sé go siúlfadh sé leis soir go dtéadh sé go dtí Tóin an Chorráin Bhuí go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé píosa adhmaid nó rud ar bith eile ar an trá. Ach ní bhfuair, sílim. Ach ag gabháil anoir ag Fáilín an Ghairtéil dó, mhothaigh sé an páiste ag caoineadh. Agus sheas sé agus chuir sé cluas air féin agus mhoithigh sé na mná ag caint.

“Tabhair domsa é,” a d’abraíodh bean acu.
“Ní thabharfaidh,” a d’abraíodh bean eile acu, “ach tabhair domsa é.”
“Ní hea,” arsa Tomás. Labhair sé. “Ach tugaigí domsa é,” a dúirt sé.
Ó bhuel, an uair sin mhoithigh sé an-chlabhasán ach sháraigh air a dtuigbhéil ach gur thuig sé focal amháin. Dúirt bean acu leis na mná eile:
“Rug bean ar an bpáiste seo a raibh lorg an uisce coisreac ar a méara,” a dúirt sí, “agus ní thig linn tada a dhéanamh. Caithfidh muid ‘ a thabhairt don bhfear a labhair.”


Ach thug siad an páiste do Thomás. Thug Tomás an páiste leis idir a dhá láimh agus níor stop ‘ go dtáinig ‘ go Ceathrú na gCloch go dtí an teach ‘ a raibh an páiste tinn ann. Ach ins an am céanna, bhí an páiste os cionn cláir agus é nite acu. ‘Brón mór at mhuinir an tí agus gach aon tsórt.


Ach shiúil Tomás isteach agus an páiste leis idir a dhá láimh agus í, an páiste beo beathamach, ag gártháil agus ag iarraidh ‘bheith ag caint ar ndóigh. Ní raibh sé (an páiste) ach bliain. Ach ar áit na bonn nuair a shiúil Tomás isteach, d’éirigh an páiste a bhí ar an gclár ‘ amach agus d’imigh sé ina cheo agus ní fhaca éinne ag imeacht é.
Bhuel, bhí go maith ansin. Leag Tomás an páiste thuas ins an gclúid acu.
“Anois,” a dúirt Tomás. “Seo é bhúr bpáiste beo slán arís,” a dúirt sé.
“Maith go leor,” a dúirt siad.


Ach chuaigh siad chuig an tsagart. Agus bhí sagart thall ag na hAchadh a dtugadh siad an sagart dubh air. Ach tháinig an sagart dubh anall agus chuaigh sé ag léitheoireacht os cionn an pháiste a thug Tomás Mór beo leis.
“Anois,” a dúirt an sagart, “seo é an páiste ceart. Ní raibh fágtha,” a dúirt sé, “ach píosa de chrompán giúsaigh,” a dúirt sé.


“Agus fhad agus bheas sibh beo,” a dúirt sé, “coinnigh uisce coisreac ar bhúr gcuid páistí agus,” a dúirt an sagart, “nuair a chuirfeas sibh an naíonán a chodladh ins an gcliabhán, cuirgí smearóid siar faoin bpiolúir agus ní féidir le tada a ghabháil ina ghaobhar.”


Ach ó sin amach, táthar ag cur smearóidí ó shin agus i gcónaí. Feicim féin an obair i gcónaí. Nuair a leagtar leanbh beag isteach ins an gcliabhán, cuireadar sméaróid siar faoin bpiolúir. Agus leagadar brat eile os a chionna dtugann siad an Brat Bríde air. Sin brat a chuirtear amach Oíche Fhéile Bríde agus deir’ siad go bhfuil leigheas ann. Agus ó shin amach, ní fheicim éinne ag imeacht go fánach nó go dona.

No comments:

Post a Comment