Thursday, January 3, 2013

Gearrchaile a Tugadh As

Gearrchaile a Tugadh As

ó Scéalta Chois Cladaigh

Fada ó shin, ar ndóiche, ‘ bhfeicfeá a ceathair nó a cúig déag de bhlianta an uair sin nuair a ghabhadh bróg ort. Bhíodh na daoine ag imeacht ‘ cosnocht. Ní ghabhadh aon bhróg ort go mbeifeá in ann a luacht a shaothrú go maith. Ach bhí cineál…ba é an dlí a bhí ann an uair sin… bhíodh fataí bruite, ar ndóiche, ar bhoilg an lae agus ba é an bhéile deiridh ag gabháil a chodladh dófa, fataí.
Ach caithfí na cosa, an té a bhí ag imeacht cosnochta – an t-aos óg, chaithfeadh siad na cosa a ní in uisce na bhfataí. Bhí sé go maith leis na cosa a ní.


Ach an oíche seo taobh thiar ag an Lag, an áit ‘a raibh na seantithe (bhí mé dá insint cheana féin), bhí teach ansin. Agus nuair a bhí na fataí ite acu dúirt lánúin an tí, (bhí triúr clainne acu; triúr gearrchaile agus an ceann ba sine seacht mbliana a bhí sí), dúirt siad, láúin an tí, leis na gearrchailí na cosa a ní. Ach nuair a chuaigh siad chuig uisce na bhfataí, bhí uisce na bhfataí ruidín beag ró-the leis na cosa a ní.
‘Tabhair leat an sáspan sin thíos,’ a dúirt an t-athair leis an ngearrchaile seo ba shine anois. Seacht mbliana a bhí sí. ‘Agus tabhair isteach sáspan uisce agus fuaraigh an t-uisce na bhfataí go nífidh sibh na cosa.’
Chuaigh sí amach chuig an lochán beag a bhí giota ón teach ach níor phill sí ariamh ó shin, an créatúir! Ach nuair a b’fhada leofa a bhí amuigh, déirigh an cuartú amach agus ní raibh aon dath di le fáil. Déirigh muintir an bhaile amach nuair a chuaigh an gleo amach go raibh sí imithe.


Ach, lá arna mhárach, shiúil siad na bogaigh i mBaile na Cille agus chuaigh siad amach go barr aillte ag cuartú. Agus tá aill ansin a dtugann siad Gob Leaba Choimín air agus fuair siad an t-anúnfairt déanta thiar ar bharr an ghoib. Agus bhí lorg cosa bó, fuair siad amach, mar a bheadh dhá bhó ag troid.


Ach bhí siad ag faire síos fúthu agus thíos ar an gcarraig chonaic siad an corp thíos ar an gcarraig. Agus d’ísligh siad síos agus thug siad aníos í. Agus, an créatúir, ba í an gearrchaile a bhí ann. Agus bhí sí chomh dubh leis an mbac uile go léir.
Ach cuireadh an créatúir agus sin a méid atá. Bhítear ag leagan amach gur tugtha a bhí sí.
Sin an méid a mhoithigh mise anois faoi ghnoithe tiomáint ar an gcaoi sin ag an tslua sí.

No comments:

Post a Comment