Thursday, January 3, 2013

Páiste a Tugadh As

Ag athrú

Tá leath mo shaol caite agam nó gar dó má mhairim céad bliain. Sa chaoi ina bhfuilim caithfidh mé athrú mór a dhéanamh má tá saol fada at teastáil uaim. Milleann an strus an tsláinte.
Ní raibh saoirse agam i mo shaol ach go dtí gur bhris mé na rialacha. B’shin an seal a chaith mé san ollscoil. Saoirse. Meas. Cairde. Eolas. Ciall. Ach ní mhaireann sé.
Is féidir do shaol go léir a chaitheamh ag iarraidh daoine a shásamh ach gheobhaidh tú meas má éisteann tú led’ chroí. Is tá sé fíor-dheacair an ceacht sin a fhoghlaim.
Tá m’fhear céile ag imeacht uaim arís: seachtain san India an uair seo. Mo liosta: cuir glaoch gutháin ar mo Dhaid, tóg m’fhear céile go dtí an aerfort (arís) is tar ar ais le béarlagair http://www.edsource.org/acronyms.html is rialacha seafóideacha a léamh. Oideachas sna Stáit Aontaithe! Bheadh sé greannmhar muna mbeadh sé scannalach. Is níor éirigh mé as mo phost mar a bhí sé i gceist agam a dhéanamh. Is cladhaire ceart mé.
Tuigim go bhfuil na daoine i gceannas ag dul sa treo mícheart. Is bhí fonn orm fáil réidh leis an seafóid agus siúl saor amach as arís. Ach is páiste fós mé ag leanúint le rialacha agus ag rá liom féin gur féidir liom difríocht a dhéanamh sa chóras sin.
Ach tá cuid láidir de m’intinn anois ag rá liom: má tá ceo ann, abair gur ceo atá ann. Níl an faitíos orm anois agus mar a bhí. Tá mé braon den dlí díomasach. Bliain eile sa scoil? B’fhéidir. Ach má tá orm éalú amach uair eiginnt i rith na biana, siúlfaidh mé amach cosúil le cat ag siúl amach an doras. Tuigim anois go bhfuil bóithre eile amuigh ansin dom.
Ar maidin léigh mé an ceathrú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh 

#4 Páiste a Tugadh As

Ba shin páiste a d’imigh i gceo fada ó  shin, Bhí sé imithe i gceo agus héiríodh amach dá iarraidh agus caitheadh lá agus oíche dá iarraidh. Agus ins an am céanna bhí an páiste sa teach. Páistí eile mar a déarfá, b’fhacthas dófa a tháinig isteach. Ba stráinséir é. Bhí sé cineál coirpigh agus cointinneach agus rudaí mar sin.
Ach fuair siad an páiste a bhí amú sa gceo. Agus ag tíocht abhaile dófa dúirt ‘an páiste a bhí contráilte go mbruithfeadh siad sa tine é. Ó bhí ciall aige. Bhí sé a naoi nó a deich de bhlianta, an páiste sin. Ní páiste a bhí ann.
Ach dúirt siad go mbruithfeadh siad ar chúl na tine é. Chuir siad síos tine mhór agus nuair a bhí siad ag gabháil ag fail greim air, d’imigh sé ina chat amach an doras. Ní fhachas ariamh ó sin é.
Sin an chaoi a mhoithigh mise anois é.

No comments:

Post a Comment