Thursday, January 3, 2013

Ionsaí na hAoise

Ionsaí na hAoise
Goya's The Dog
 An Madra – Goya (idir 1819 agus 1823)

Ionsaí na hInse. Tóg do phairtnéir. Fós leis. Ar aghaidh agus ar chúl (faoi dhó), sleaschéim trasna (tops chun tosaigh) agus sleaschéim ar ais (bottoms ar chúl). Ag smaoineamh ar dhamhsa ag insint scéal faoi ionsaí ar bhaile fadó atá mé anseo ar maidin is ag an am céanna ag tuiscint faoi dheireadh nach bhfuil vóta agam anseo ná ansiúd.
Tá mé ag rith tríd na céimeanna de rince eile Ionsaí coitianta roimh éirí as an leaba dom.

Deasóga trasna, roth mór sa lár is rothaí beaga ag na taobhanana agus timpeall ar chlé (lámha cailíní in uachtar). Ní mhairfidh an chuid sin i bhfad. Casann na smaointe leo is tuigim go bhfuil deireadh le díchuimhne na hoíche. Fós dorcha. Níl neart agam air. Tá mo chosa ag déanamh a mbealach féin as an leaba is ón seomra, mo lámha ag sciobadh éadaí is spéaclaí liom, eiseann ag srannadh leis i mo dhiaidh. Ciotóga transa agus timpeall ar dheis (lámha cailíní in uachtar). Brú orm gan dearmad a dhéanamh ar na smaointe a dhúisigh mé.

Ionsaí na hAoise. Enda ‘No Rogha Anseo’ Kenny is na baincéirí ag damhsa i lár halla is daoine ag breathnú orthu ó na sciatháin (mná chun tosaigh). Ar aghaidh agus ar chúl (uair amháin). Tá an damhsa seo feicthe agam cheana anseo is ansiúd. Ar aghaidh agus tríd. Leanfaidh siad leo mar sin. Tosú arís. Síos an staighre liom.

Ionsaí a thuigim. Ar aghaidh sa scoil, siar sa saol, ar aghaidh sa scrúdú, siar sa phost, trasna na farraige (cath cultúrtha) chun tosaigh agus ar ais, trasna farraige eile (streachail eile) ar chúl. Ach ‘sé an luascadh a chuireann meadhar orm. Luascadh chomh tapaidh sin go gcaillim m’áit, m’ainm, mo theanga, cearta, am le mo chlann is le mo mhuintir: mac éadóchasach, mac eile le croí lag, iníon faoi bhrú, fear céile a imíonn uaim go minic, Daid le Parkinsons is Alzheimers.

Is tá orm dul ag damhsa arís. Amach ar an urlár is déan preab san aer. Ná smaoinigh ar na blianta Bush, na páistí ag foghlaim go bhfuil gá le céasadh is m’fhear ag rá liom nach bhfuil gá le ceardchumainn. Caillte arís. Céard é an smaoineamh sin a bhuail mé ar maidin? Níl vóta agam anois fiú i mo thír féin? Bhí mé ag luascadh chomh sciobtha sin nár thuig mé go raibh sé á mo mhúcadh cosúil le madra Goya.

No comments:

Post a Comment