Thursday, January 3, 2013

Aingle na dTrí Sciathán

Cré, Cró is Cearta


Nuair a bhí mé san mbaile seachtain ó shin thug mé cuairt ar reilig do pháistí nach raibh baistithe agus do dhaoine a fuair bás ón Cholera. Tá an reilig bheag ann le fada an lá taobh leis an chanáil ríoga in aice le droichead Cill Phádraig taobh amuigh den Muileann gCearr. Sa bhaile sin a tógadh mé. Sa reilig sin atá m’uncail, dearthaireacha m’athair agus níl focal fúthu scríobhtha ann. Tá sé deacair go leor an áit seo a fheiceáil ón gcosán ach tá an-stair ag baint leis.

Bhí áthas orm a fheiceáil an uair seo go raibh cuí ar an reilig. Níl a fhios agam an bhfuil áthas orm faoin gcros ach caithfidh mé cuimriú go raibh a leithéid ann roimh am Naomh Pádraig. Tá rósanna ag fás ann anois agus faoi dheireadh tá cuimhneamh ar chlann amháin ann ar leac bheag.

Tá na leanaí atá curtha anseo agus a mhuintear a mhaireann sa chó dorcha le fada an lá. Is trua sin. Tá sé ceart is cóir aithint a thabhairt do na mairbh. Mo mhíle bhuíochas do na daoine a chuir an chéad leac suas mar ba mhaith liom an rud céann a dhéanamh anois do mo dhaoine ach níl sé éasca. Tá an meon aigne céanna againn in Éirinn agus atá acu sa Spáinn. ‘Sé ‘Veulve Ud. mañana’ nó ‘an méar fhada’ a chuireann gach rud siar anseo i gcónaí gcónaí.

An chéad leac sa reilig. Do formhór na daoine ann níl ann ach clocha gan ainmneach nach féidir a fheiceáil faoin bhféar.

Tá súil le Dia agam go mbeidh mé in ann ainmneacha m’uncail a fheiceáil ansin nuair a fhillim an chéad uair eile.  Is fada an turas atá agam ó California go Muileann gCearr. D’fhág mé an reilig agus shiúl mé ar ais ar bhruach an canáil ag stopadh le caint le capaill ar an mbealach. An chéad lá brea a bhí againn. Bhí an t-ádh liom.

Sa chré atá siad, mo mhuintear, ní sa chró. Is tá draíocht agus síocháin san áit seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí dearmad ar áiteachaí mar seo go deo ná ar na daoine a mhair ar an saol seo fadó, fiú ar feadh seal an-bheag ar fad.
Ag smaoineamh ar mo thuras shuigh mé síos sa bhaile is léigh mé an dara scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Aingle na dTrí Sciathán

Mhoithigh mé go minic go bhfeicthí iad, go mbíodh said ina gcineál aingle. Na haingle a thugtaí orthu. Agus níl ‘fhios agam ab shin í an fhírinne nó nach í ach bhí sé ráite go bhfeicthí iad ar mhodh ar bith. Agus mhoithigh mé fear amháin ag insin’ scéal faoi. Seanfhear a bhí ann.

D’éirigh sé ar maidin, deireadh oíche. Ní raibh aon am an uair sin le fail, uaireadóir ar bith ar ndóiche. Ní raibh cineál am ar bith ann ach an ghrian agus an ghealach. Ach d’éirigh sé deireadh oíche agus cé ar bith sórt uisce brogach a bhí fágtha ag bean an tí i mbuicéad in íochtar an cisteanach thíos, rug sé ar an mbuicéad uisce bhroghach sin agus d’oscail sé an doras agus chaith sé amach ar an gcnoc é.

Agus ar áit na bonn nuair a chaith sé amach an t-uisce ins an doras, d’éirigh an tslua meáin pháistí agus thosaigh said ag gártháil. Chonaic sé ag imeacht iad mar a bheadh cnap míoltóta ón teach agus níl ann go ndearna sé aníos é go dtí an leaba san áit a raibh a bhean ina codladh. Agus d’inis sé an scéal di.

‘Céard ‘tá ort?’ a dúirt sí.
‘Á bhuel,’ a dúirt sé, ‘tá rud cluinste anocht agam nár mhoithigh mé ariamh.’
‘Céard a mhoithigh tú?’ a dúirt sí.
‘Chaith mé amach an t-uisce broghach a bhí fágtha thíos sa gcanna agat ó oíche,’ a dúirt sé ‘amach ar an gcnoc agus d’éirigh an tslua meáin pháistí amach ón doras.’
‘Á muise,’ a dúirt sí, ‘a amadáin, nach ndéarfá’ a dúirt sí ‘go bhfuil tú sách fada ar an tsaol anois! Nach láidir nár inis do sheanathair nó do sheanmháthair an obair seo duit fada ó shin nuair a bhí tú ag fás suas! Nach bhfuil fhios agat’ a dúirt sí ‘nár cheart duit uisce broghach a chaitheamh amach? Sin iad na páistí a fhaghanns bás gan bhaisteadh atá ag imeacht anois ag feitheamh ar fhuascailt. Sin iad na haingle a dtugann said aingle na dtrí sciathán orthu.’
‘Cén sórt aingle iad sin?’ a dúirt sé.
‘Bhuel, sin iad na páistí’ a dúirt sí ‘a fhaghanns bás gan bhaisteadh.’
‘Agus cén sórt aingle’ a dúirt sé ‘aingle an dá sciathán?’
‘Sin iad na haingle cearta’ a dúirt sí ‘a bhíonns baistithe agus a fhaghanns bás a théanns thríd thaobh na lámha nach mbíonn aon pheaca orthu agus a chuirtear go deas cliste ins an teampall. Sin iad aingle an dá sciathán. Ach iad seo a fhaghanns bás agus a théanns ins an gCró Dorcha, tá trí sciathán orthu agus tá said ag imeacht ag feitheamh ar fhuascailt i gcónaí ‘gcónaí. Agus ná dean sin’ a dúirt sí ‘arís, a fhear chéile, fhad is a bhéas tú ar urlár an tí seo.’
Mhoithigh mé an scéal sin go minic.


Amhrán álainn ó Leonard Cohen ag míniú an scéal go simplí: http://www.youtube.com/watch?v=XAzKhhzZU0I&feature=related

No comments:

Post a Comment