Thursday, January 3, 2013

An Dílleachta agus an tSíofróg

                                 An Dílleachta agus an tSíofróg

ó Scéalta Chois Cladaigh
le John Henry
Bhí, fad ó shin, bhí dílleachta beag thiar ‘ an Tír Thiar, thaobh thiar de Bhaol an Mhuirthead. Bhí sí istigh ag a máthair mór. Agus, ar ndóigh, an áit a bhfuil dílleachta mar sin, nuair a bhéas sé (an dílleachta bocht ) fásta suas, bíonn cineál sclábhaíocht bheag oibre le déanamh aige thar dhuine eile.
Ach bhí an dílleachta bocht seo, bhíodh sí saigheadaithe amach gach uile lá le ba, ag faire ba síos ar an dumnaigh,
 dumnaigh a dtugann siad Dumhaigh Eilí air. Ach bhíodh sí síos ar an dumhaigh gach uile lá ag faire ar na mbó.


Ach an lá seo, bhí sí thíos ‘ tháinig buachaill óg chuici. Agus bhuel, bhí an cailín, b’fhéidir go raibh sí ceithre bliana déag nó cúig bliana déag d’aois. Ach bhí an buachaill óg ag caint léi giota maith. Ach d’imigh sé ar deireadh. Ach, by gearrachaí, nuair a tháinig sí abhaile san oíche chuig a máthair mhór ( tá ‘fhios ‘at, bhí a máthair agus a athair curtha, ba dílleachta a bhí inti) d’fhiafraigh an mháthair mhór di:
“Cén sórt gábh a bhí tú inniu?” a deir sí. “Tá tú ag amharc an-mhíshuaite,” a deir sí. “Ní thaitníonn tú liom.”
“Ní raibh mé i ngábh ar bith,” a deir sí.
” Má…bhuel, bhí rud éigin ort. B’fhéidir gur iomarca siúil nó routeáil a rinne tú,” a dúirt an máthair mhór léi.
“Ní hea,” a deir sí.
‘Lá arna mhárach cuireadh leis na ba arís í síos go Dumhaigh Eilí. Ach nuair a bhí sí thíos, an créatúir, tháinig an buachaill óg chuici arís agus bhí sé ag caint léi.


“Bhuel,” a deir sé léi. “An gcíorfá mo chloigeann dom?” a dúirt sé.
“Cíorfaidh,” a dúirt sí.
Ní raibh aon chiall aici. Bhí ráca ina phóca aige agus chíor sí a chloigeann. Agus bhí sé ansin ag caint léi scathamh. Agus d’imigh sé. Ach nuair a tháinig sí abhaile…
“Bhuel,” a dúirt an mháthair mhór léi. “Tá rud éigin as bealach leat,” a dúirt sí. “Ní thaitníonn tú liom ar chor ar bith. Tá drochdhath ort. Céard ‘tá ort ar chor ar bith?”
“Níl rud ar bith orm,” a dúirt an gearrachaile. “Ní aithním tada. Ní fheicimse. Ní mhoithím rud ar bith,” a deir sí.
“Bhuel, bíonn tú ag déanamh an- routeáil,” a dúirt sí, “nó ag déanamh an-súgradh thíos ar an dumhaigh nó an mbíonn éinne agat?”
“Ní bhíonn,” a deir sí.
Ach ba é cic an scéil é, chuaigh sí síos an triú lá leis na ba agus tháinig an buachaill óg chuici arís agus shuigh sé lena taobh.


“Bhuel,” a deir sé. ” Breathnaigh ‘mo choigeann,” a deir sé. “Agus cuir mo ghruaig dá chéile agus shtáil mo ghruaig dom,” a deir sé.
Agus rinne an créatúir sin, ar ndóigh. Bhí sí díchéillí an uair sin. Tháinig sí abhaile an oíche sin agus na ba léi.
“Bhuel,” a deir an mháthair mhór léi. “Tá rud éigin ort,” a dúirt sí.
Bhí an gearrchaile ag cailleadh agus ag éirí míshuait agus í bán go maith faoina haghaidh.
“Bhuel,” a deir sí. ” A ghranny,” a deir sí. “Tá fear óg ag tíocht chugham le trí lá,” a dúirt sí.
Agus d’inis an bhean óg di gach aon tsórt.


“Feicim anois,” a deir an mháthair mhór. “Bhuel, anois,” a dúirt an mháthair mhór. “Nuair a ghabhas tú síos amárach, nuair a thiocfas sé chugat, abair leis an fear,” a dúirt sí, “go bhfuil gamhain tinn ag do mháthair mhór ins an teach agus ‘cén leigheas atá air lena choinneál beo.”
“Maith go leor,” a dúirt sí.
Bhí go maith is ní raibh go dona. An ceathrú lá, chuaigh an cailín óg síos. Bhí sí ina gearrachaile óg ar ndóigh idir cúig bliana d’aois agus sé bliana d’aois. Chuaigh sí síos leis na ba agus tháinig an fear óg chuici agus shuigh sé ag a taobh. Agus sular dhúirt sé tada, dúirt an bhean óg go raibh gamhain óg ag a mháthair mhór agus go raibh sé go dona, slackáilte go maith agus go raibh sé ‘mórán an bás air.
“Bhuel anois,” a deir an fear óg. “Leis an ngamhain a choinneáil beo, abair le do mháthair mhór nuair a gheobhas tú abhaile anocht, abair léi mún bréan, cacanna cearc, scian na coise duibhe agus an tseanúir a dhó agus a shuathadh fud a chéile agus a chroitheadh ar an ngamhain agus gnóthóidh sé.”
“Maith go leor,” a dúirt an bhean óg.
Ach scathamh ina dhiaidh d’imigh an buachaill óg uaithi agus tháinig an bhean óg abhaile.

“Bhuel,” a dúirt an mháthair mhór léi, “an dtáinig an fear óg inniu chugat?”
“Tháinig,” a dúirt an cáilín.
“Bhuel,” a deir sí, “ar dhúirt tú an chaint sin leis?”
“Dúras,” a dúirt an cailín óg.
“Bhuel, cén leigheas a thug sé duit ar an ngamhain?” a dúirt sí.
“Bhuel, dúirt sé leat cacanna cearc a dhéanamh suas, mún bréan agus uisce coisreac, scian na coise duibhe a mheascadh ann agus é sin a chroitheadh ar an ngamhain.”
“Maith go leor,” a dúirt sí.
Ní dhearna an chailleach… Bhí pota múin bhréin istigh aici le haghaidh tuaradh bréidín. Ba shin an leigheas a bhí ‘ fad ó shin le haghaidh bréidín. Ach rinne sí suas cacanna cearc, an mún bréan, an tseanúir a dhó agus a mheascadh fud a chéile agus an t-uisce coisreac agus chuir sí i mbuidéal dó é.”
“Anois,” a dúirt sí leis an mnaoi óg, “nuair a ghabhas tú síos amárach leis na ba, nuair a thiocas an fear óg seo chugat, ar áit na bonn a suífidh sé agat, croith braon de seo air go bhfeicfidh tú céard a dhéanfaidh sé.”
Thug an bhean óg an buidéal ina póca léi agus an búiléiste sin déanta suas ann. Ach nuair a shuigh an buachaill óg ag a taobh mar i gcónaí, ní dhearna sí ach an buidéal a tharraingt amach as a póca agus a chroitheadh ar an mbuachaill óg. D’éirigh sé in aon bhall tine amháin agus d’imigh sé leis ar fud na farraige móire.


Tháinig an bhean óg abhaile agus d’inis sí an scéal don mháthair mhór.
“Anois,” a dúirt sí, “tá do leigheas déanta. Beidh tú i do chailín mhaith go fóill.”
Sin é mo scéal.

No comments:

Post a Comment