Sunday, February 3, 2013

Ar Aon - Adhlacadh Ana N 1/2/13


Ailse. Cé hí? Ana N. Cupán tae uaim. Danú, tabhair cúnamh dom.

Bhí náire orm bheith ag múineadh Spáinnis do latinas, ag múineadh a gcultúr féin dóibh. D’aithin Ana nár gringa i gceart a bhí ionam ó mo chaint is mo mheon aigne. Níor thuig mé an méid grá a bhí aici don Virgen de Guadalupe.

An Aoine. Imbolc in L.A. ag taisteal soir ar na saorbhealaigh ar an 10 don 405 don 105 go Watts, Cill Bharróg níos tirime le tithe ildaite ag titim as a chéile, daoine gorma ag siúl go mall, mná óga gléasta i stíl nach bhfeicfeá inár scoil ariamh. Bhí cónaí ar Ana anseo?

I séipéil beag latina le ainm ón Iodáil, bastaithe ag na hÉireannaigh i mbarrio negro chas an cór (maol) i Spáinnis lofa, amhráin ró-bhríomhara. D’fhulaing an slua latina an feall le dínit go dtí gur chas na  hamhránaí gospel amhrán binn. Mejor. Bhí múrmhaisiú den Virgen de Guadalupe ag féachaint orainn.

Thug na sagairt ar an altóir, fear as Sligeach ina measc, sólás do dhaoine. Dólás a lean é. Labhair duine faoin chaoi a dhóigh an chemo a corp. Céasadh Dé? Thuig sí is d’fhulaing sí an iomarca. América con barreras. Túis san aer. Bhí go leor ballaí roimpi sa tír seo. Labhair a deirfiúr agus thit na deora.

Lá Fhéile Bríde ar an uasbhealach ag dul soir don 710 don 60 go talamh gan rath is Reilig na hAiséirí. Bhí sneachta le feiceáil ar shliabh ón gcnoc ar a laghad. Scaoil siad 20 coilm leo. An iomarca. Le díoscán an ardaitheoir ag iarraidh an áit ceart a shroiceadh chuir siad an chónra bhán sa bhalla marmar.

Corp ar gach taobh di, bhí sí cutha ar thaobh mar chomhdaigh i gcaibinéad nó bosca i gCold Case, chomh hard thuas ansin i measc na mairbh. Níor chuala siad an bhean ag rá go raibh sé thart is d’fhanamar ró-fhada ag breathnú ar an lead ina fhoriomlán is a scriúire. B’shin é. Bhí Ana ar aon leis an mballa.