Monday, September 23, 2013

Sábháil ár dTeanga - An Liosta

Bansky gaeilgeLabhair í.
Tá obair le déanamh againn. Tá ár dteanga i mbaol ach tá seans iontach againn anois agus ní chóir dúinn bheith leisciúil. Bhí Seo Linn agus daltaí ó Choláiste Lurgan ar an Late Late agus mhothaigh an tír rud nár mhothaigh go leor daoine le fada: bród. Tá suim acu sa teanga anois ach caillfidh siad go tapaidh é mura dtugaimid cúnamh dóibh.
‘Gaelify Yourself’
Seo an liosta:
1. Éist le ceol
ipod
Tosaigh le ceol. Sin an rud a spreag an tsuim. Feicim daoine ag scríobh ar YouTube: cuir ar iTunes é. Ní thuigeann siad go bhfuil sé le fáil dóibh saor in aisce mar ní thuigeann siad conas é a chuir ina leabharlann iTunes. Múin dóibh le ceacht amháin sa scoil agus cúnamh ins na leabharlainn poiblí conas na hamhráin a íoslódáil ceol ó TgLurgan agus ceol ceannaithe ó iTunes . Má tá airgead agaibh, ceannaigí ipods (na cinn beaga thuas) agus cuir na hamhráin as Gaeilge iontu. Ná measc suas le amhráin as Béarla iad. Tum isteach sa Ghaeilge. Bíodh daoine ag déanamh obair an tí, ag jogáil, ag obair sa gháirdín, i ngach áit ag éisteacht le amhráin as Gaeilge. Tá níos mó ná 100 amhráin (nua-aimseartha) le fáil.
2. Éist le caint
Ansin, téigh go Podchraoltaí ó Raidió na Gaeltachta. Cuir ar iPod eile nó seinnteoir eile iad agus cuir ar siúl é nuair a shiúlann tú isteach sa teach. Dóibh siúd ina gcónaí in Éirinn, tá an t-ádh libh. Bíodh raidio amháin ar Raidio na Gaeltachta 93-95 MHz i gcónaí agaibh sa chistin.
Bíodh Gaeilge le cloisteáil i ngach áit le beannachtaí ó gach duine. Níl sé deacair! Tá gach duine ó gach tír in ann ‘Fáilte go… ‘ agus ‘Slán agus beannacht’ a fhoghlaim. Bíodh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom‘ nó a leithéid ar na daoine le Gaeilge líofa sna siopaí.
Más TD thú bíodh Gaeilge agat agus á úsáid roimh deireadh ‘Bliain na Gaeilge’ nó tabhair post do dhuine le  aistriúcháin a dhéanamh duit agus le do ráiteaisí sa Dáil a léamh amach duit. Bíodh Gaeilge mar riachtanas beartaithe i mbliana agus curtha i bhfeidhm i 2014! Déan rud fíor-thábhachatch do Bhliain na Gaeilge!
3. Féach ar an teilifís (nó ar do ríomhaire)
TG4 thar barr. Dáiríre. Tá sé do-chreidthe! Tá clárachaí níos fearr acu ná ag na leads móra i Meiriceá. Tá sé le fáil dúinn arlíne agus daoibhse in Éirinn ar an teilifís. Déan am duit féin gach lá: uair a chloig ag féachaint ar chlár nó scannán as Gaeilge.
Bíodh na fógraí ar RTÉ as Gaeilge! Bíodh i bhfad níos mó (50%) Gaeilge ar RTÉ. Bíodh sé dá-theangach más mian leis ach ná tabhair níos mó ama don Bhéarla ná don Ghaeilge.
Bíodh ár nearraí le fáil as Gaeilge. Féir plé do Tayto. Anois, cá  bhfuil gach duine eile? Déan anois é i mBliain na Gaeilge. Níl mórán ama againn agus go leor le déanamh.
Tayto Gaeilge
4. Léigh
Tá go leor, leor leabhair maithe amuigh ansin anois. Bíodh siad ar na seilfeanna i ngach Siopa Leabhar. Cén fáth an gcaithfidh daoine a mhíniú do dhaoine i Siopa Leabhar in Éirinn go bhfuil litríocht.com ann mar níor chuala siadsan faoi?! Tá sé scannalach. Ba chóir go mbeadh níos mó leabhair inár dteanga féin ná mar atá i dteangachaí eile ar na seilfeanna ach tuigim go bhfuil bóthar fada romhainn fós ansin. Ach bíodh balla amháin againn ar a laghad i ngach siopa. Bíodh gach leabhar atá foilsithe as Gaeilge le fáil do gach scoil is gach leabharlann is gach ospidéal / teach na seandaoine… sa tír. Déan é. Dáiríre. Cé mhéid leabhar a léigh tú i do shaol as Béarla? Cé mhéid as Gaeilge? Oops. Tá leabhair maithe amuigh ansin anois. Agus níl siad cosúil le Peig. Bíodh Café Gaelach i ngach baile mór cosúil leis an Siopa Leabhar atá ag Conradh na Gaeilge ach le spás sa lár don café. Lig do na custaiméirí leabhar a léamh agus iad ag ól caife agus an leabhar a chuir ar ais roimh dul amach ar nós stíl Barnes & Noble sna Stáit Aontaithe. Oibríonn sé. Ceannóidh siad leabhair nuair a chuireann siad suim iontu.
Aiséirí2
Bíodh Gaeilge ar na comharthaí go léir i ngach áit. Ná cuir suas le comhartha i mBéarla amháin. Cabhraigí le daoine, leis an dlí, le treoir dóibh. Más féidir, tabhair an leagan ceart dóibh leis an rud a cheartú. Tabhair airgead dóibh leis an jab a dhéanamh má tá sé agat.
Caithfear na logainmneacha a cheartú. Is linne ár dteanga. Ná bíodh na leaganacha seafóideacha de Anglicization (praiseach – an scríobh fuaimeanna mícheart) againn níos mó. Dár gcuairteoirí féadfaidh muid fuaimeanna agus míniú a scríobh. An stíl nua:
_____________________
Fáilte go dtí

An Muileann gCearr

On Mwilin Gyar 
The Strange Mill
Labhair Gaeilge linn
________________________
5. Bí ag caint.
Bíodh ciorcal cainte ar siúl i ngach pobal, i ngach baile, i ngach condae, i ngach Cúige.
Tóg ar ais an Cúigiú Cúige atá caillte. Níl ciall leis an bhfocal gan é. Bíodh Uisneach ceannaithe ag an rialtas don tír is ionad ag an mbun is áiseanna iontacha le fáil do dhaoine ann le foghlaim faoinár noidhreacht. Nach féidir Grouse Lodge a úsáid agus daoine ag cur ceol as Gaeilge amach dúinn.
Uisneach
Leis na pobail ( ciorcal comhrá) go léir bíodh sé cosúil leis na Comunity Games nó Tidy Towns fadó. Bíodh comórtaisí againn agus Raidió áitiúil as Gaeilge le fáil. Bíodh áiseanna le fáil le rudaí a dhéanamh as Gaeilge i ngach baile. Sa Mhuileann gCearr tá Áras an Mhuilinn acu ach freisin d’fhéadfaidís an halla atá ag titim as a chéile in aice leis an Eaglais Protastúnach a ghlanadh suas is céilithe a bheith ann. D’fhéadfaí ranaganna rince ar an sean-nós agus amhráin ar an sean-nós agus rincí seit agus rincí céilí agus ceol traidisiúnta agus ranganna dóibh siúd atá ag iarraidh uirlisí a fhoghlaim a bheith ann agus ranganna sa Ghaeilge freisin. Bíodh cúrsaí Gaeilge (taitneamheacha le imeachtaí spéisiúla) sna bailte móra. Ná caith daoine amach go háiteachaí eile i gcónaí. Is Gaeltacht í an tír go léir má labhraíonn muid ár dteanga féin. Meitheal Mór atá ag teastáil. Caithfidh go bhfuil áit mar sin i ngach baile.  Tá obair le déanamh againn.
Ach tá cúnamh againn. Tá Micheal D ar son na Gaeilge. Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa ar son na Gaeilge. Tá ceoltóirí mór le rá is aisteoirí mór le rá ar son na Gaeilge: úsáid iad!
Dom féin, tá mé ag súil le bheith ag caint leis na hollscoileanna anseo. Ba chóir go mbeadh Gaeilge le fáil in ollscoileanna SAM i gCathair na nAingeal. Freisin tá ‘Deireadh Seachtaine Gaeltachta’ ag teastáil uainn i gCathair na nAingeal arís. Go leor le déanamh!
Is é an rud a mhilleann ár bpleananna ná an caitheamh anuas a chloistear ó dhaoine a ghlaíonn ‘Fanatics’ orainn. Scríobh An Tuaireascóir faoi le déanaí. Ná cuir suas leis sin. Is nimh é. Cosúil le bulaíocht, tá orainn labhairt amach ar an bpointe nuair a chloisimid rud mar sin. Caithfidh muid a rá go bhfuil sé mícheart agus gur mhúin daoine a bhí ag iarraidh fáil réidh linn an ceacht sin dúinn. Tá muid níos fearr ná sin. Bíonn faitíos orthu siúd a deireann rudaí mar sin scaití nach mbeidh siad in ann coinneáil suas linn leis an nGaeilge agus mar sin is gá a rá freisin go mbeidh go leor cúnamh le fáil. Tarraing isteach sa chlub iad.
Saol nua 
Caithfidh daoine aire a thabhairt dóibh féin agus iad ag dul ar gach chineál diet agus ag iarraidh bheith fiteáilte agus caithfidh siad a ndroch-nósanna a athrú. Agus déanann siad é. An rud céanna leis an tír. Caithfidh muid ár nósanna a athrú. Feicfimid go bhfuil sé i bhfad níos éasca ná mar a cheapamar Gaeilge a labhairt agus  go bhfuil sé an-taitneamhach. Ach CAITHFEAR tosnú anois.
Dhúisigh mé ar maidin le líne ó Pompeii (Leagan Lurgan de) i mo chloigeann ach bhí na focail athraithe.
♫ Tiocfaidh Gaeilge ar ais de réir a chéile ♫ a chuala mé arís agus arís eile agus is fíor é gur féidir é a dhéanamh. Ach ná caill an tseans! Déan anois é. Déan do liosta féin.
Bíodh spraoi againn. Sin a mhúin Lurgan dúinn. Bíodh níos mó féilte againn le ceol agus craic: Samhain, Hogmanny, Imbolg, Bealtaine, Mabon, Lúnasa … .
Anois, déan do liosta agus ar aghaidh leat!

Gaeilge i nGach Áit

Chaith mé trí lá as Gaeilge sa Mhuileann gCearr. B’shin an chaoi a mhínigh mé céard a tharla dom do dhaoine, ach bhí níos mó ná sin ann. Bhuail mé le daoine cosúil le Damhnait, Veronica, agus Brendon a mhúin dom go bhfuil Gaeilge i ngach áit agus gur Gaeltacht í an tír go léir.
Ireland GaeltachtTháinig an smaoineamh chugham anuraidh. Seo Bliain na Gaeilge is tá an Tóstal faoi lánseol. Is duine mise de ‘The Scattering’ im’ cónaí le 15 bliain anuas i gCathair na nAingeal, i gCalifornia. Lá amháin, is mé ag múineadh teangachaí iasachta ansin, chuala mé mé fhéin ag páipearacht le mo dhaltaí faoi thábhacht na teangacha dúchasacha. “Faigheann teanga amháin bás gach coicís,” ar mise leo. Ach an lá sin chuaigh sé i bhfeidhm orm i ndáiríre. Céard faoi mo theanga féin? Cén maitheas bheith a tabhairt amach faoi bhás na teangachaí dúchasha i SAM muna raibh mé sásta mo theanga a shábháil. Sin mar a thosaigh sé. Dúshlán dom féin.Bansky gaeilgeNí bhíonn seans agam Gaeilge a labhairt ar an taobh eile den domhan. Ach is aoibheann liom bheith ag twiteáil as Gaeilge. Tar éis tweeteanna a léamh ag insint go raibh roinnt mhaith Gaeilge i mBaile Átha Cliath is neart Gaeilge ag an aerfort, shocraigh mé ar phlean. Dhéanfainn iarracht dul ó aerfort ÁC go dtí an Muileann gCearr gan focal Béarla a labhairt. D’úsáidfinn córas iompar poiblí. B’shin mar a thosaigh sé i ndáiríre.
tuigim twitterAg an aerfort:
Bhí airgead, eolas agus bus uaim. Níor thug an bhean a bhí ag féachaint ar na pasanna aon aird orm. Mise: Seo duit. Ise: Fine. Thanks. Gan ligint di cur isteach orm, ar aghaidh liom le m’airgead a athrú. Labhair mé go mall leis an lead óg ann: “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?”
Thug mé faoi deara ar an turas seo go mbíonn trí soicind nó mar sin ag teastáil ó dhaoine le dul ó theanga amháin go teanga eile.
Sos 3 soicind. “Beagáinín,” a d’fhreagair sé. “Ana-mhaith,” ar mé le gliondar. Leanamar ar aghaidh agus ba léir go raibh áthas air go raibh áthas orm. De réir a chéile thosaigh sé ag comhaireamh as Gaeilge agus bhí m’airgead agus an chéad bua agam.
179404-OPOCE-AFF_2010.3790_web.pdfSuas an staighre ansin liom ag leanúint an fógra ‘Eolas’ go dtí go bhfaca mé beirt ina suí istigh san ionad sin. “Ceist. An bhfuil Gaeilge agaibh?” ar mé go mall leo. Ciúnas ar feadh trí soicind.  Ansin rinne an bhean draothadh gáire agus í ag féachaint ar an bhfear eile is dúirt sí, “Tá Gaeilge aige.” Fadhb ar bith agam ansin. Bhí Gaeilge acu agus áthas orainn go léir faoin gcomhrá a bhí againn.
Zón 12. Sin a bhí scríofa agam ar an bpáipéar a fuair mé uathu. Nuair a chonaic mé an gárda taobh amuigh bhí áthas orm arís. Bheadh Gaeilge aige. D’fhiafraigh mé de cá raibh zón 12. Is thuig sé gach focal. Ach dhiúltaigh sé go hiomlán í a labhairt. Eiseann: Over there. Mise: Thall ansin san áit ina bhfuil an bhean ina seasamh? Eiseann: That’s right. Agus araile.
Bus Eireann Sa Mhuileann gCearr:
Ag stad an bhus chuir mé ceist ar an dtiománaí an raibh sé an dul go dtí an Muileann gCearr. Mar a tharla sé, Daithí O Flaithearta a bhí air agus Gaeilge álainn aige. Ach ní féidir bheith ag caint le tiománaí bus agus é ag tiomáint.
Ag caint le Damhnait:
Mar sin, nuair a bhí mé suite istigh ann thosaigh mé ag labhairt mé leis an mbean in aice liom ag tosnú le “Gabh mo leithscéal. Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Bhí, mar a tharla sé. Chaith mé an chuid is mó den turas ag caint as Gaeilge le Damhnait Ní Loinsigh, bean chairdiúil,  go dtí gur shroicheamar an baile. Ba mhúinteoir í. Mhúin sí Laidin agus Mata i meánscoil ach bhí sí ar scor anois. Ní raibh aon focail deacra ná téarmaíocht nua-aimseartha sa chómhrá a bhí againn. Ach chuireamar aithne ar a chéile agus b’shin an chéad cómhrá fada a bhí agam sa bhaile. Bhí ionadh orm agus uirthi faoi. Ach mar sin féin bhí sé an-nádúrtha go deo. Níos sásúla ná Béarla. Shroicheamar an Muileann gCearr agus d’fhágamar slán lena chéile.
Silver HandBheadh cultúr, éadaí agus bia uaim sa bhaile. Shocraigh mé ar tosnú le ceol is craic. Bhí mé ar saoire. An oíche sin chuaigh mé go Áras An Mhuilinn. Is ionad iontach é.  In áit dul isteach san áit ina raibh an damhsa, chuaigh mé isteach sa seomra caife ag súil le comhrá a dhéanamh le daoine ann. Is orm a bhí an t-ádh. Bhí gaeilgeoirí den scoth ann. Bhí sé deireanach nuair a d’fhill mé abhaile tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag labhairt Gaeilge. B’shin an chéad lá.
mullingar2 035An lá ina dhiaidh lean mé ar aghaidh agus an lá dár gcionn mar bhí muinín agam asam féin. Ins na  siopaí agus ins na bialanna thosaigh mé leis an mantra “Ceist: an bhfuil Gaeilge agat?” agus d’éirigh liom i ngach áit. Bhí Gaeilge fiú ag an bhfear ó Shasana sa siopa rothar. Moladh do Kenneth i Heatons, do Holly Grey i Just Baked, do Jennifer Poole sa café in aice le Dunne’s, don cailín lách i bPeppers, do na daoine i ngach áit a labhair liom as Gaeilge. Bhí mo thaithí sa bhaile i bhfad níos saibhre mar gheall oraibh.
Meadow (150)Ag caint le Veronica:
Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo bhaile dúchais.  Ach ar an gceathrú lá bhí sé in am dom dul go dtí ‘An Ghaeltacht.’ Ag an stáisiún traenach bhí mé ag léamh an leabhar Pedro Páramo i nGaeilge. Thosaigh bean in aice liom an caint liom i mBéarla, ag cur ceist orm faoin leabhar. Ós rud é go raibh mé ag smaoineamh i nGaeilge ansin, ní raibh fonn orm athrú go Béarla. Mar sin thaispeáin mé an leabhar di agus mhínigh mé (go mall as Gaeilge) mo phlean Gaeilge a labhairt. Bean álainn a bhí inti agus bhí a Daid léi ar an taobh eile. “Ú,” ar sise. “I understood that.” Ansin thosaigh sí ag caint liom i nGaeilge, go mall ar dtús agus gan stró roimh i bhfad. Ó am go ham stop sé le rá lena Daid ar an taobh eile “I can’t believe I’m speaking Irish!” agus ar ais léi arís ag caint liom.  Veronica a bhí uirthi agus bhain mé an-taitneamh as ár gcomhrá. D’fhág mé slán léi agus lena Daid i nDún na nGall.
Meadow (103)
‘Sé an chéad rud a bhuail mé sa Ghaeltacht i nDún na nGall (i ndiaidh áilleacht na háite) ná go raibh mé ag labhairt níos mó Béarla ansin an chéad lá a bhí mé ann. Bhí daoine nach raibh Gaeilge ar bith acu ar an gcúrsa. Tá Gaeilge ón scoil ag daoine sa bhaile. Ach b’shin an chéad lá ann agus bhí Gaeilge le cloisteáil mór thimpeall orm freisin.
Chuaigh mé ansin le fáil amach cén draíocht a bhí ag Oideas Gael. Chuala mé faoi go minic ó dhaoine i Meiriceá. Tuigim anois cén fáth a a dtagann daoine ó thíortha i bhfad is i gcéin ar ais go dtí an áit sin bliain i ndiaidh a chéile. Tá na himeachtaí, an ceol, na múinteoirí, an cúrsa ar fad ar an gcaidhdeán is airde. Tá Gaeilge agus ár gcultúr ag fás ansin agus ag scaipeadh ar fud an domhain. Moladh go deo leo.
Meadow (162)Ach nuair a bhí an tseachtain thart agus mé ar ais sa Mhuileann gCearr tháinig sé chugham go raibh na rudaí céanna is a bhí le fáil i nDún na nGall againne freisin (seachas na sléibhte). Chuala mé ceoltóirí ó Bhaile an tSrutháin agus ó Chúil an tSúdaire in Áras an Mhuilinn agus bhí siad dochreidthe! Bhí rinceoirí den scoth ann chomh maith agus stíl sean-nós ag na daoine óga. Seoda beo. Gaeilge, ceol, cultúr: bhí siad anseo in aice linn an t-am go léir. Chuaigh mé ag taisteal is labhair mé Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh is ní raibh fadhb ar bith agam in aon áit. Is Gaeltacht í an tír go léir. Creid é.
Aras an Mhuilinn Game Piece
Ag caint le Brendon:
Ar m’oíche dheireanach sa bhaile chuaigh mé go ar ais go Áras an Mhuilinn. Is bhuail mé le Brendon ann. “Níl focal Gaeilge agam.” Sin a dúirt sé agus ní raibh aon rud as bealach ná neamhchoitianta ag baint leis an ráiteas sin seachas go ndúirt sé as Gaeilge é agus go raibheamar tar éis bheith ag caint le chéile ar feadh fiche nóiméid trí Ghaeilge amháin, rud a luaigh mé dó ag taispeáint an t-am dó ar m’uaireadóir.
Duine lách a bhí ann. Chuala sé mé ag labhairt le fear eile as Gaeilge ar an mbealach isteach agus phioc sé suas an comhrá ag labhairt go mall ar dtús agus muid ag cur aithne ar a chéile ar an mbealach isteach go dtí an Seisiún thuas staighre.
Cé gur dhiúltaigh sé go raibh Gaeilge aige, bhí sé líofa agus bhí sé soiléir go raibh áthas air an teanga a úsáid. Fuair mé amach tar éis píosa maith cainte go raibh aithne aige ar mo Dhaid agus fuair sé amach go raibh mé ag fanacht i dteach mo Dhaid fhad is a bhí mé sa bhaile. An mhaidin ina dhaidh sin, mo mhaidin deireanach sa tír, fuair mé beart sa bhosca litreacha: leabhar a scríobh sé a bhí ann mar bhronntanas dom. Sin cineáltas duit.
Gaeilge croí♫ ‘Lig mé saor ón suan atá orm.’ ♫ Sin líne ó leagan Coláiste Lurgan den amhrán Wake Me Up. D’fhéadfadh sé a bheith ag tagairt don teanga féin. Tá Gaeilge inár n-intinn is in ár gcroíthe in áit chiúin ina codladh. Caithfear í a dhúisiú, go gcloistear í trí bhéal an phobail.
‘Oscail do shúile agus ansin oscail aríst iad.’ B’shin comhairle Granny Weatherwax i leabhar Terry Pratchett. Sin an draíocht. Sin atá le déanamh againn. Feicimid na daoine mór thimpeall orainn agus labhraíonn muid as Béarla leo. Ach má fheiceann muid arís ón gcroí, le tuiscint, feicfimid go bhfuil Gaeilge acu agus fonn orthu í a labhairt. Tá orainn an doras a oscailt don domhan eile sin nach bhfuil i bhfad uainn. Ach caithfear é a oscailt go ciúin is an teanga a mhealladh amach go binn le cion is le dearbhú. Sin an rún. Taispeáin di ‘bóthar éasca cothrom.’ Áit slán ó náire. Áit lán le háthas is bród. “People will respond to an opportunity to engage with the language,”  a dúirt Micheál O Foighil ag caint leis an bpáipéar seo le déanaí i http://www.irishtimes.com/life-and-style/the-youtube-approach-to-learning-irish-1.1496607 Ní hamháin sin. Tá siad ag súil go mór leis le fada, i ngan fhios dóibh fhéin.
Gaeltacht
Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn. Tá rogha againn. ‘Sé m’aistear é. Níl fhios cén fhad a mhairfidh sé.’ Roghnaím saol le Gaeilge mar ansin atá an muintearas. Is réabhlóid chiúin í an Aiséirí na Gaeilge seo. Ach is féidir linn go léir bheith páirteach ann ag tosnú le “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Tá Gaeilge i ngach áit. Tosnaíonn sé linne.