Monday, January 21, 2013

King agus Obama



Lá Martin Luther King is Lá Mór Obama


“Tá brionglóid agam” i nguth ard - King v ‘Tá búamaí agam’ a thuigtear - Obama




Le gach duine ag caint faoi Obama inniu an 1/21/13, b’fhearr liom tosnú an lá seo ag caint faoi Martin Luther King. Is é a lá speisíalta é inniu is na scoileanna sa tír dúnta mar gheall air. 



MLK


Tá dealbh de Martin Luther King i Washington DC ach ní maith an dealbh í ar chor ar bith. Tá sí suite san ‘Mall Náisiúnta,’ áit ina dtugtar ómós do shaighdiúirí agus uachtaráin. Anois tá síochánaí ina measc. Ní chóir dó bheith ansin. Is nach ait an dealbh í? Is é an Síneach Lei Yixin a rinne é. Bhí sé cleachtaithe le bolscaireacht is cumannachas is rinne sé dealbh de Mao Tse-tung. Níl cosúlacht idir an bhfear crosta seo lena lámha transa agus King ar chor ar bith. Bréag atá ann: an íomha mícheart san áit mícheart. Fáilte go Washington. Ní mar a shíltear a bhítear anseo.



MLK?



Ach ní raibh daoine ag déanamh mórán cainte ar Martin Luther King inniu ar a lá speisíalta. Bhí siad ag caint faoi Obama. Ag raibh sé ag cogaint Nicorette nó guma? Agus seafóid eile mar sin. Ó agus ba é a insealbhú a bhí ann freisin cé go ndearna sé é sin san Oval Office an lá roimhe sin. Ach, ar aghaidh leis an mustar is mórdháil! 



D'oibrigh mo mhac anseo samhradh amháin.


Chuaigh grúpa ó mo scoil ann. Chaith siad $2,000 le dul trasna na tire chun an insealbhú a fheiceáil. Ní raibh mé leo. Beidh siad ar ais ar scoil amárach. An fiú é? Ní raibh siad ina aonair ar ndóigh. Bhí múinteoirí eile leo agus tuairim is 1.8 milliún daoine ag freastal air. Bhí mise ag féachaint air ar an Daily Kos at mo riamhaire sa bhaile, tae le mo thaobh agus slaghdán fós orm.



Thosaigh an searmanas mór le beannacht. Is breá liom beannachtaí. Bhí sé soiléir áfach go raibheamar ag caint faoi Dia Críostaí. An mbeadh aindiachaí sa lucht féachana ag ceapadh nach raibh siad iomlán Meiriceánaigh? Caithfidh go raibh faoi dheireadh an searmanas  ar fad. Smaoinigh mé ar King. Bhí sé ceadaithe dó dul ag caint faoina chreideamh. B’shin an post a bhí aige ar ndóigh. Ach maidir le rialtas SAM, sin scéal eile. Sa bhunreacht anseo níl ach dhá thagairt do chreideamh: ceann amháin ag rá go gcaithfear creideamh a scaradh ón Stát agus ceann eile ag rá nach féidir duine a scrúdú faoi chreideamh ar bith agus é ag iarraidh bheith páirteach sa rialtas. Fan amach ó chreideamh san insealbhú! Ach bhí fhios agam nach bhfanfaidís amach uaidh mar tá faitíos orthu roimh cumhacht na hEaglaise.



Bhí Cór na dTaibearnacal réidh le amhrán a chasadh dúinn don ócáid mór. Bhuel, bhris siad an riail faoi chreideamh agus thuig  mé go mbeadh rud éigin spioradálta acu. Cén dochar mar d’fhéadfaidís amhrán deas a chasadh ar son na síochána, b’fhéidir. Muise bhí mé mícheart ansin. Cén téama a bhí acu? An Battle Hymn? I ndáiríre?! Ar stop duine ar bith le smaoineamh faoi seo? Bhí cór spioradálta ag canadh faoi chogadh. Caithfidh go raibh Martin Luther King ag caoineadh ina uaigh! 






Labhair duine faoi thábhacht na hócáide. Mhínigh sé gur roghnaigh an pobal an t-uachtarán agus b’shin an rud a 'separates our country from every other country in the world.'  Ceapann go leor daoine anseo nach bhfuil daonlathas in aon tír eile! Thuig King nach raibh SAM níos fearr ná go leor tíortha eile. 



Is gheall Obama an bunreacht a chosaint go poiblí ar an mbíobla ag críochnú leis na focail ‘So help me God’ ag briseadh rogha an bunreachta. Easpa scaradh idir Eaglais and an stát arís. D’úsáid Jefferson bíobla ar ndóigh, ach ghearr sé amach píosaí de mar cheap sé go raibh siad seafóideacha. Dá ndéanfadh Obama é sin bheadh sé i bhfad níos measa i nDC ná an rí rá faoin mbrat i mBéal Feirste le déanaí. Agus ná dean dearmad, tá i bhfad níos mó gunnaí acu anseo.






Bíobla Jefferson


Ag éisteacht le James Taylor ag canadh a amhrán faoi áilleacht na tíre, bhí mé fiosrach. Ar luaigh siad na dúchasaigh ar chor ar bith? An raibh sé i gceist acu aon rud a rá fúthu? Bhí grá acu siúd is meas acu don talamh is don nádúr. Níor luaigh. Dearmadtha arís.  
Our nation was born in genocide when it embraced the doctrine that the original American, the Indian, was an inferior race 
- MLK



Chonaic mé fear le spéaclaí dubha ag seasamh amach sa slua. Nach dtuigeann an Secret Service and focal Secret? Tá seó anseo. Seans mhaith go raibh daoine eile ann i measc an slua ach ceapann siad go gcaithfear an fear láidir a thaispeáint do dhaoine. Ceapann siad go bhfuilimid dall.  
A nation that continues year after year to spend more money on military defense than on programs of social uplift is approaching spiritual doom
- MLK




Thosaigh Obama anois leis an mbunreacht is na focail ‘exceptional’ agus ‘allegiance.’ Chuir sé isteach orm. Is fuath liom na focail. Scríobh siad an bunreacht 200 bliain ó shin. Níor tháinig sé díreach ó Dhia.  Ní bíobla é. Lean sé ar aghaigh ag caint anois faoin ‘Free Market’ agus fuil. Cuireann sé i gcuimhne an scannán There Will Be Blood dom. Ar an téama céanna rinne sé comparáid idir ‘Individual freedoms agus collective action’ agus cheangail sé é go léir le eolaíocht and matamaitic. Caithfear a thuiscint go dtéann formhór na daoine ag déanann staidear san ollscoil in eolaíocht nó matamaitic ag obair don míleata. 
Our scientific power has outrun our spiritual power. We have guided missiles and misguided men             
- MLK


Ansin dúirt Obama go raibh deireadh le deich mbliana de chogadh. Is lig mé NO asam. Seans mhaith gur chreid an slua nach bhfuil páirt againn i gcogadh anois mar sin. Ach sin bréag. Níl deireadh le cogadh agus tá neart acu ann http://www.salon.com/2011/08/04/secert_american_wars/  Bréag mór. Cén fáth? Mar tá rudaí níos tábhachtaí ná daoine i rialtas SAM.  
We must rapidly begin the shift from a "thing"-oriented society to a "person"-oriented society. When machines and computers, profit motives and property rights are considered more important than people, the giant triplets of racism, materialism and militarism are incapable to being conquered 
- MLK

 ‘Medical coverage’ an chéad rud eile a bhí ar a liosta agus gheall sé iarracht a dhéanamh na costaisí a ísliú? A dhiabhail, nach nglacfaidh siad go deo lena nduaglas #1? Ní thuigeann siad an téarma Universal Health Care. Geobhaidh daoine bás mar gheall air.  
A nation or civilization that continues to produce soft-minded men purchases its own spiritual death on an installment plan
 - MLK



B’aisteach an rud é bheith ag éisteacht le Obama ag caint faoin ‘Middle class.’ Cheap mé nár chreid siad i ‘class’ anseo. ‘Honest work frees you from poverty,’ a dúirt Obama. Bréag eile nuair atá dúshaothrú coitianta. Tuigim gur ‘when’ a bhí i gceist aige ach bhí sé mítheorach...  
The curse of poverty has no justification in our age. It is socially as cruel and blind as the practice of cannibalism at the dawn of civilization... The time has come for us to civilize ourselves by the total, direct and immediate abolition of poverty 
 -MLK



Tá orainn iarracht a dhéanamh mar gheall ar ‘Posterity’ a dúirt Obama linn. Caithfear an plainéad a shábháil. Ach is cuimhin liom caint mar sin cheana is ní chreidim é. Ar a laghad níor luaigh sé cumhacht núicleach an uair seo. Ní hé an duine ceart é. Jill Stein abú  
A genuine leader doesn't reflect consensus, he molds consensus
- MLK



Bhí focail deasa aige faoin na hinimircigh ach chaith seisean níos mó daoine ón tír ná Bush. Is níor adhmhaigh sé é sin ná an feall ná an dochar a rinne sé. Tá na focail sin folamh.  
We must learn to live together as brothers or perish together as fools 
 - MLK



Dúireadh linn nach dtagann bua ina iomlán agus go bhfuil orainn glacadh le buanna beaga, céim ar chéim agus é ag iarraidh gach duine a shásamh arís. 
The ultimate measure of a man is not where he stands in moments of comfort and convenience, but where he stands at times of challenge and controversy. The true neighbor will risk his position, his prestige and even his life for the welfare of others  
-MLK



Labhair Obama go bródúil faoi shaighdiúirí is faoin mbrat. Ní raibh aon chaint faoin shíocháin.  
And there comes a time when one must take a position that is neither safe nor politic nor popular but he must take it because conscience tells him it is right 
- MLK




Gach uair a dúirt Obama an focal saoránach, thuig go leor, leor daoine sa tír nach bhfuil siad sa ghrúpa sin. Ghortaigh sé iad gach uair a chuala siad é. Níor labhair sé faoin dochar a rinne sé don ghrúpa sin ar chor ar bith ná an chaoi ina mbristear teaghlaigh. Níor labhair sé amach faoi na téarmaí in úsáid sna meáin is sa tír ag caitheamh anuas orthu.  
We will have to repent in this generation not merely for the hateful words and actions of the bad people but for the appalling silence of the good people 
- MLK


‘Birthright’ an chéad focal eile a chluala mé ó Obama agus lig mé osna uaim. Manifest Destiny ar bhealach amháin nó bealach eile. Ná téigh síos an bothar sin, a dúirt mé leis an scáileán Ach chuaigh sé ag caint faoi na Stáit AONTAITHE cé nach bhfuil mórán aontas ann. Ar an nóta ard bréagach sin, chabhraigh banna ceoil míleata agus amhránaí leis an mbolscaireacht le ♫ Sweet land of liberty! ♫ Dá mbeadh sé fíor! Má chiallaíonn saoirse seachadadh urghnách agus céasadh is easpa daonlathas, tá muid saor.  
Liberty? He has taken ours away with internment without trial. Injustice anywhere is a threat to justice everywhere
 - MLK



Le sos a thógáil dúinn go léir b’fhéidir labhairr an file Richard Blanco faoi stair a cheistiú agus na fiche daltaí nach bhfuil i láthair níos mó san scoil sin i gConnecticut. Maith an fear. Rinne sé tagairt don scannán La misma luna faoi inimirceach neamhdhleathach agus an chaoi a bhriseann sé croíthe. Ar fheabhas! Tá súil agam gur thuig Obama é!


Ar an riamhaire ní raibh in ann aon bhean a fheiceáil. Chonaic mé Obama agus 11 fear ar a thaobh ag éisteacht.


D’éirigh le cainteoir eile Luis Leon freisin Obama a cháineadh leis an rogha dó gan a bheith sotalach agus gan eagla a úsáid. Táim buíoch do Luis. Labhrair sé ina theanga fhéin freisin: Spáinnis. Ard-áthas orm faoi sin! Bheadh sé níos fearr fós le teanga na dúchasach. 



Chríochnaigh siad leis an amhrán náisiúnta agus bhí Beyonce lag go leor ag an tús ach fíor láidir ach na focail ‘rockets’, ‘bombs’ agus ‘flag.’ Le ómós don mbrat ‘Stars and Stripes Forever’ bhí sé thart is bhí mé traochta. Cén fáth nach raibh seans dá laghad ag Jill Stein. Ná freagair é. Tá fhios agam. Martin Luther King, tá do chumhacht ag teastáil uaim.



Ar ais ar scoil liom ar maidin agus déanfaidh mé mo dhícheall is mé ag múineadh. Beidh muid ag caint faoi Martin Luther King. Tá go leor le déanamh fós.



To save man from the morass of propaganda, in my opinion, is one of the chief aims of education. Education must enable one to sift and weigh evidence, to discern the true from the false, the real from the unreal, and the facts from the fiction 
MLK, The Purpose of Education

Sunday, January 13, 2013

Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz


Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz

  • Is linne an t-eolas
    – Aaron Swartz (1986 – 2013)


    Aaron


    Chuir Aaron Swartz lámh ina bhás féin an tseachtain seo ar an 1/11/2013.  Bhí sé 26 bliana d’aois. Tá sé níos éasca dúinn an nuacht a fháil anois mar gheall ar an RSS a scríobh sé nuair a bhí sé ceithre bhliain déag d’aois.  Bhí sé i gceist aige eolas poiblí a chuir ar fáil do chuile dhuine agus d’éirigh leis. Go raibh maith agat, a Aaron. Bhí an nuacht is an t-eolas ag teastáil go géar uainn. Fear cliste ab ea é a bhunaigh Demand Progress http://demandprogress.org/  is Reddit.com http://www.reddit.com/r/AMA/ agus d’oibrigh sé ar Creative Commons http://creativecommons.org/  Is anois tá sé marbh. Scanraigh an FBI é mar tá saoirse i gcoinne  luacha an rialtais (na comhlachtaí móra). Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mharaigh saint, díothacht, agus faillí Aaron Shwartz.

    Maraíonn saint daoine. Níl coinsias soisíalta ag saint. Cuireann sí brabús thar dhaoine agus faigheann daoine bás mar gheall ar sin. Bhí Aaron ar thaobh saoirse is an rialtas ar thaobh cosc is brabús. Chuir MIT ina leith gur ghoid sé 4 mhilliún doiciméadaigh uathu agus ó JSTOR. Níor ghoid sé aon rud. Scaoil sé saor é. Is iad na hollscoileanna atá ag goideadh eolas uainn. Mharaigh saint saoirse Aaron is chuir sí bagairtí agus deacrachtaí ina bhealach. Is féidir cur suas le bagairt nó dhó ach bhí na comhlachtaí móra, oideachas príomháideach agus an córas dlí ina choinne ró-mhinic. Tháinig na comhlachtaí le chéile le bagairtí uafásacha is iad ag iarraidh a airgead a chosaint.  Le meon coilíneach cheap siad gurbh fhéidir leo gach rud saor a dhíol do dhaoine. Ní féidir le daoine bochta freastal ar ollscoileanna anseo. Ní féidir linne nach bhfuil san ollscoil téacsanna áirithe a léamh. Tá MIT http://www.mit.edu/ agus JSTOR http://about.jstor.org/ ciontach anseo.  Bhí Aaron ina fellow at the Center for Ethics at Harvard University rud a chuir ag gáire ós ard mé. An dtuigeann siad eitic ansin i Harvard? Thuig Aaron é. Agus bhí an dlí ag iarraidh é a chuir i bpriosún é mar gheall air. Bhí MIT agus JSTOR ag iarraidh airgead a bhaint de:  $4 milliún mar chaill siad airgead dar leo ach ghoid siadsan an t-eolas sa chéad áit. Is linne é.

    Maraíonn díothacht daoine. Bhí an dlí ag iarraidh Aaron a chur faoi ghlas mar ní raibh sé sásta eolas a bheith faoi ghlas. Tá sé cosúil le Bradley Manning sa chás seo. Buíochas le Dia nár fhulaing sé an céasadh a d’fhulaing Bradley ach ar bhealach d’fhulaing sé céasadh meabhrach uafásach freisin leis an FBI á leanúint is á bhagairt. Is féidir leis an rialtas anseo rudaí uafáasacha a dhéanamh mar a rinne siad le Bradley Manning agus bhí an t-eolas sin ag Aaron. Thuig sé díothacht cearta. San amhrán Casa de cartón http://www.youtube.com/watch?v=MhS2pVp_400 tá líne ag insint go na daoine bochta go bhfuil scoileanna do mhadraí acu i dtíortha eile. Tá sé deacair é sin a mhíniú. Bhí páipéar nuachtán ag m’athair agus cheannaigh daoine é gach seachtain. Anois is féidir an nuacht a fháil saor in aisce agus b’fhearr liom domhan mar sin. Tugann sé seans do dhaoine gan airgead. Thuig Aaron díothacht saoirse. Bhí siad á bhagairt é a chuir i bpriosún ar feadh 35/50 bliana. Cuireadh mo mhac féin i bpriosún ar feadh lá amháin agus ba bheag nach raibh taom croí agam. Bhí sé i Minneapolis nuair a bhí an GOP ag socrú a chogadh agus é ar na sráideanna leis na mic léinn eile nuair a rinne na gardaí ‘mass arrest’ agus gabh siad 400 daoine. https://www.youtube.com/watch?v=W6L8J3L-2Kw Agus is féidir leo é a dhéanamh http://blogs.citypages.com/blotter/2012/01/2008_republican_national_convention_lawsuit_8th_circuit_dismissed.php An gá dom a scríobh nár tharla sé mar sin agus nach raibh bealach amach ag éinne mar bhí na gárdaí (saighdiúirí i ndáiríre) i ngach áit? Téann an rialtas thar fóir go minic. Thuig Aaron díothacht slándála. Tá faitíos ar dhaoine. Tuigeann daoine mar Aaron an méid a tharlaíonn i bpriosúin http://ancroiait.wordpress.com/2012/02/06/20-the-dark-ages-u-s-prisons/ Is é géarleanúint in áit ionchúiseamh atá in úsáid ag an rialtas ach tá níos éascaí iad a meascadh suas i mBéarla (persecution agus prosecution).

    Maraíonn faillí daoine.  Cuireann meon scothroghnaigh glas ar eolas d’fhormhór an cine daonna atá ag iarraidh an domhan a thuiscint. Thuig Aaron faillí na daoine bochta, faillí cultúrtha, faillí scoláirí. Tá daoine cliste gan airgead sa domhan seo agus is féidir leo an domhan a fheabhsú má tá seans acu. Bhí mé i mBarnes & Noble (siopa leabhar)  le mo dhearthair cúpla bliain ó shin. Mhínigh mé nach raibh tada le déanamh agam nuair a tháinig mé go SAM is sula raibh mo chárta glas agam. Chaith mé mo laethanta i leabharlann agus sa siopa leabhar sin. D’fhéach mé timpeall agus mhínigh mé gur féidir neart leabhar a léamh faoi ábhar ar bith ansin ach má tú ag iarraidh é a thuiscint i gceart caithfidh tú leabhar na hollscoile a fháil agus ní raibh siad ansin. Ní dheachaigh mo dhearthair go dtí an ollscoil agus chonaic mé a shúile ag oscailt. Ní fhéadfadh sé na leabhair a léigh mé a léamh. Is níl sé sin ceart ná coir. Bhí an rialtas ag díol 18 milliún doiciméid poiblí don phobal nuair a scaoil Aaron iad saor in aisce is bhí an ceart aige ach bhí an FBI ar buile faoi. Ba chóir go mbeadh doiciméid JSTOR le fáil saor in aisce do gach duine ach níl. Caithfidh siad é sin a athrú. Caithfidh siad a thuiscint go gciallaíonn Not For Profit nach féidir an t-eolas a dhíol.                                                                         Tá faillí cultúrtha ann fiú in Éirinn. Chuaigh mé ar thóir Scéalta Cois Chladaigh nuair a bhí mé sa bhaile. Chuaigh mé ó leabharlann go leabharlann is go ollscoileanna is faoi dheireadh fuair mé cóip sa Leabharlann Náisiúnta agus ní raibh an téip an obair i gceart. Ní raibh bealach éisteacht leis an téip sa Leabharlann Náisiúnta ach oiread. Bhí mo bhéal ar oscailt agam le suaitheadh cultúir faoin bhfaillí seo. ‘Ach seo ár n-oidhreacht’ a mhínigh mé don bhfear ann. ‘Is linne an teanga agus na háiseanna. Ní féidir rud mar seo a choinneáil ó na daoine.’ Bhí an fear cairdiúil ach ní raibh freagra aige. Faigheann na hollscoileanna airgead ón rialtas. Faigheann an rialtas an t-airgead uainne. Nuair a chaith an tOllamh Séamas O Catháin an t-am sin go léir ag bailiú scéalta ní raibh sé dhá dhéanamh ar a shon féin ach ar son na tire nó b’fhéidir nach dtuigeann daoine é sin. Nuair a roinn John Henry a scéalta, rinne sé é sin dúinne is cá bhfuil siad? Ní bhfuair mé freagra ó UCD. Nuair a dhéanann tú dearmad is cuid den díothu thú.                                                             Tá gá le oideachas ach ní chóir don chóras oideachais doirse a dhúnadh.  Tá chuile dhuine fiosrach. Is cuimhin liom scéal álainn a léigh mé ar scoil The Windows of Wonder le Bryan Mac Mahon. Tá orainn na fuinneoga a oscailt, na doirse a oscailt agus an seans céanna a thabhairt do chuile dhuine. Ná díol eolas. Níl ach praghas amháin air, suim. Má tá suim agat, ar aghaidh leat.  Níl taithí agam ar MIT ach tá ar JSTOR. Nuair a bhí mé san ollscoil d’úsáid mé an áis ach ní féidir liom é a úsáid níos mó mar nílim san ollscoil anois. Is cuireann sé isteach orm. Léigh mé i JSTOR faoi litríocht agus bhain mé taitneamh as tuaraimí údair eile. Ach tugtar le fios gur pribhléid í agus gur íoc an ollscoil as. Bhí praghas ar an eolas. Ní raibh mé ag iarraidh aon phribhléid. Níor cheap mé go raibh mé níos fearr ná éinne eile. Bhí oideachas uaim is eolas uaim agus níor smaoinaigh mé riamh ar eolas mar thráchtearra. An gcaithfidh páiste airgead a íoc le fáil amach cén fáth a bhfuil an spéir gorm? Nach bhfuil fonn ar an tuismitheoir an t-eolas sin a roinnt leis agus le duine ar bith eile a bhfuil suim aige ann?

    Agus dóibh súid a déarfaidh go raibh rud éigin cearr le Aaron, go raibh sé faoi dhúlagar, tá an ceart agaibh. Ach bhí go leor ceart leis is bímid go léir faoi dhúlagar go mór, mór nuair nach bhfuil cothrom na féinne inár dtír is an rialtas ag iarraidh muid a chur i bpriosún.  Tuigeann an rialtas an bagairt. Níl fhios ag an tromlach céard atá ar siúl ag an rialtas is b’fhearr leis an rialtas é a choinneáil mar sin. Nuair a thagann do nuacht duit le airgead ó na baincéirí, níl nuacht agat. Níl fonn orm éisteacht le daoine mór le rá cosúil le Bush nó Condaleeza Rice. Caithfidh tú $$$ a íoc le éisteacht leo. Ach tá ard-áthas orm éisteacht le daoine cosúil le Aaron agus daoine ar indigenous tweets mar roinneann siad an t-eolas is tá sé nádurtha is níl aon clár oibre folaigh acu. Ní raibh aithne agam ar Aaron ach tá mé fíor bhrónach anseo mar rinne siad feall is tá duine iontach caillte againn.

    Scríobh daoine eile faoi Aaron anseo:
    Cory Doctorow
    Glenn Greenwald
    Lawrence Lessig
    Quinn Norton

    Ciontach: JSTOR, MIT, Massachusetts U.S. Attorney’s office

Saturday, January 5, 2013

Meath, Apacailipsis agus Aiséirí

Pompeii in Encino

Bhí mé ag sochraid go luath ar maidin inniu in Encino. Ní raibh aithne agam ar an mbean a cailleadh. Oibríonn a hiníon sa scoil liom ach níl aithne mhaith agam uirthi ach oiread. Duine nua í. Níl an áit ina bhfuil an séipéal suite galánta ar chor ar bith. Ar Ventura Blvd. chonaic mé fógra os mo chionn faoi thaispeántas Pompeii sa Getty. Gabhfaidh mé ann amárach. Roimh dul isteach sa séipéal dom chonaic mé oibilisc le cros ar a bharr gar don doras. Maidin spéisiúil a bhí agam is mé ag breathnú ar shaibhreas, foilsiú is an fhírinne roimh am bricfeasta.

obelisk

Bhí saibhreas go leor ann. Seo an dara sochraid dom i Meiriceá. Ag an gcéad ceann ní raibh ach triúr beo i láthair: an iníon, bean rialta agus mé féin. Ar ndóigh bhí an dream gairmiúil ann (an sagart ina measc) ach faigheann siadan airgead le bheith ann. Ní fhaca mé aon rud chomh huaigneach leis i mo shaol roimhe sin. Bhí feabhas ar an scéal an uair seo is grúpa mór ann ar maidin. Thug mé faoi dearadh go raibh siad uilig fíor-ghalánta. Bhí an ceol thar barr: organ is cór iontach acu. Ní raibh mé compóirdeach ann is níor lean mé iad ina dhiaidh go dtí an Country Club.

Foilsiú? Léirigh an séipéal a rúin ina shiombailí. Taobh istigh bhí fuinneoga ildaite ann fiú ins an gcoróin os cionn na haltóra ag foilsiú an chumhacht agus an ghlóir. D’inis na bratacha ar an altóir (brat SAM ar an taobh clé le iolar ar a bharr agus brat na Vatacáine ar an taobh eile le fleur-de-lis ar a bharr ar nós píce) go raibh siad bródúil as a gconcas. Ní fheiceann na Meiriceáinigh an faisisteachas anseo leis an gceangal idir saibhreas, concas agus reiligiún. Labhair na hiníonacha. Duine i ndiaidh a chéile labhair siad faoina máthair mar dhuine a bhí curtha ar an saol seo le bheith ina máthair. Buíochas le Dia nuair a labhair a mac faoi dheireadh luaigh sé a hintleacht.

Bhí sé brónach. Is cuma cé mhéid airgid atá ag daoine níl sé éasca an bás a thuiscint. Smaoinigh mé ar an bhfógra faoi Pompeii ar mo bhealach abhaile. Ní raibh siadsan ag súil leis an mbás ach oiread agus iad gléasta suas go galánta fadó ag baint taitneamh as an saol.

Hamilton pompeii 
Alfred Elmore (Éireannach, 1815–1881)
Pompeii, A.D. 79, 1878

Ach tháinig an bás gan chuireadh mar is gnáth agus bhris sé croíthe mar is gnáth. Is d’athraigh sé gach rud. Dath dorcha caite ar an saol.

Elfmore Pompeii
James Hamilton (Meiriceánach a rugadh in Éirinn, 1819–1878)
The Last Days of Pompeii, 1864
agus
dearcadh Dalí lena dhomhan lúbtha, casta, iarmhairt.
Dali pompeii
Salvador Dalí (1904–1989)
Gradiva Rediscovers the Anthropomorphic Ruins, 1931–32

Aiséirí? Tháinig dóchas ar ais dom ar mo bhealach abhaile ar an 101 is mé ag éisteacht le Tavis Smiley ag caint le George Takei  (Star Trek) faoina shaol. Thosaigh George ag caint faoi mhaidin amháin is é cúig bliana d’aois nuair a d’fhéach sé amach an fhuinneog anseo i gCathair na nAingeal is chonaic sé saighdiúirí le pící ar bharr a raidhfilí acu ag fanacht taobh amuigh agus  a mháthair ag caoineadh ag an doras. Chuaigh an teaghlach go rásraon Santa Anita an lá sin agus chodail siad i stalla salach an oíche sin. Bhí sé i gceist ag an rialtas a ndígnit a bhaint díobh.  Éist leis an gcomhrá anseo: http://smileyandwest.ning.com/forum/topics/the-conversation-george-takei  D’éirigh le George sa deireadh agus tá clú agus cáil air ar fud an domhain ach tá rian an dochar ann go deo fiú san aiséirí cosúil le rianta Pompeii i bpictiúirí sa Getty.

Ní féidir gach rud a chur sa chré. Beidh cuimhniú orainn i bhfad. 
Tá súil agam go mbeidh scéalta maithe againn sa saol seo is fúinn níos déanaí.

Friday, January 4, 2013

An Sulán

An Sulán

Oíche amháin agus na gaoithe Santa Ana ag séideadh go láidir os mo chionn tháinig mé ar dhán faoin Sulán agus bhí fonn orm é a aistriú go Gaeilge. D'aithin mé an áit mar bhí mé ag Féile na Laoch http://feilenalaoch.com/ i gCúil Aodha i gCo.Coraigh an samhradh roimhe sin. Bhí ceol, filíocht, rince, is aisteoireacht den scoth ann in aice leis an Sulán, abhainn firinsceanach a bhfuil íobairt ag teastáil uaidh gach seacht mbliain le réir na scéalta a mhaireann.


An Sulán le Seán Ó Céilleachair

Mise an Sulán, fuar, fada, fireann, I am the Sulawn, cold, long, manly strong
Anois an t-am cá bhfuil an duine? Now is the time, where’s the person I’m owed?
Sin é a deirim is mé ag rith le fuinneamh, That’s what I say as I’m driven along
Ar mo bhealach chun farraige síos thar an Muileann. On my way to the sea by the mill below.

Is fada ‘s is casta é mo chúrsa, ‘Tis long and crooked the journey I make
Ó’n tobairín taobh le Barr a’ Chúma. From the little well by mountain’s peak.
Is mall é mo thuras ‘s is uaigneach, ‘Tis slow my trip, ‘tis a lonely way
Trí páirceanna, portacha ‘s díoganna cúnga. As I pass through fields and ditches and peat.

Is minic a ghluaisim thar mo bhruacha, ‘Tis often I spill o’er my banks to the land
Ar mo thuras dom soir trí Baile Mhúirne. As through Ballyvourney on eastward I flow.
Is árd ‘s is freagrach mo ghuth ar uairibh, At times it grows strong, my voice’s demand
Le linn dom síneadh go deireadh mo chúrsa. As I stretch on towards the end of the road.


Is iomaí gearán is cnáimhseáil a chuala, I’ve heard many complaints and many a whine
Ó’n iascaire searúsach is é go buartha. Coming from bitter fishermen’s ranks.
Ba mhinic dó áfach bradán a sciobadh, Even still ’tis from me the salmon they swipe,
Istigh im lár nó gar dom bhruacha. From out of my belly or from close to my banks.

Na h-oícheanta geimhridh is ea bhím-sé brónach, On winter nights I’m sad, without hope
An talamh máguaird is mo bhruacha reoite. All the land nearby ‘n my banks frozen dead.
Creathán im ghuth is an sioc im scórnach, A waver in my voice and frost in my throat
Brat ós mo chionn is é fuar ceomhar. A foggy cold is a cloak o’er my head. 

Le teacht an earraigh is ea’ thagann an mhúscailt, As Spring arrives, the awakening begins
Is caithim-se díom an fhéachaint ghruama. And I throw off my look of dreary black.
Éiríonn lem neart is braithim an fústar, I rise with strength and again feel the whims
‘S tagann arís an fonn is an fuadar. And the hustle and bustle, it all comes back.

An samhradh sámh taithníonn go mór liom, Tranquil summer really pleases me,
Is deas é an gáire is an comhluadar, ‘Tis nice the laughter and the company.
Daoine ag siúl ar mo bhruacha, On my banks the people are walking you see,
Cuid acu aerach is cuid acu buartha. Some happy, others feeling less so free.

Orthu go léir bím-se ag faire, I watch them as I move along,
An buchaillín óg is an gearrchaile, Young lads and young lassies all.
An fear meán aosta is an gaiscíoch láidir, Middle aged men and heroes so strong
‘S bím-se á mealladh chun mo línnte a shnámhadh. ‘Swim in my waters,’ to people I call.

Go hobann ansan is ea thárlaíonn sé, It happens then suddenly all out of nowhere,
Is tosnaíonn an t-olagán is an caoineadh. The weeping starts,  the keening is loud.
An fear mór groí is é fuar sínte, A big strong man now stretched out cold there,
Amuigh ar mo bhruach i measc slua mór daoine. Out on my bank, in the midst of the crowd.

Gluaisim liom ansan ar mire Then in a frenzy I move along
Is fágaim im ‘dhiaidh an gol is an caoineadh. And leave behind me the weeping and woe.
Mar mise an Sulán fuar fada fireann, For I am the Sulawn cold, long, manly strong
Tháinig an t-am is sciobas an duine. The time came and I snatched the one I was owed.

Thursday, January 3, 2013

Cúirt an Mheán Oíche

Cúirt an Mheán Oíche



Féach ar an dán/dráma anseo http://www.youtube.com/watch?v=qW1qEu-iGpY&feature=g-all-s
agus léigh é anseo http://www.showhouse.com/prologue.html
Chum an file Brian Mac Giolla Meidhre (Brian Merriman 1749 – 1805) an dán/dráma seo.
Tosnaíonn sé mar aisling traidisiúnta
ach athraíonn sé go tapaidh ag léiriú cáin an fhile don meon aigne cúng a bhí ann ag an am (tá sé fós ann).
D’éalaigh sé ón smacht ina ealaín iontach.
Bain taitneamh as, a chairde.

Ar Bhruach Loch Pontchartrain

Amhrán an lae: Ar Bhruach Loch Pontchartrain

Féach ar íomhánna le Mark O’ Dwyer agus éist le Paul Brady
 http://www.youtube.com/watch?feature=player_embedded&v=mt9wwV59i5E

Liricí anseo :

Ar mhaidin gheal sa Mhárta d’fhág mé slán ag New Orleans
is thug mé aghaidh ar Jackson Town, ar lorg stóir agus maoin’.
Mo ghráin ar airgead iasachtach, ní raibh cairde agam le fáil;
sin a bhris mo chroí le crá is le cumhaidh ar bhruach Loch Pontchartrain.

Thug mé léim ar thraein le héirí gréin’ agus thriall mise ‘ rith an lae.
‘S ag deireadh nóin le tuirse is brón ba mhian liom dul faoi shuan.
Ní raibh chairde dom na strainséirí gur tharla fá mo dhéin
(Ach) an ainnir chrón de threibh creole ar bhruach Loch Pontchartrain.

Ar mé: A chailín creole, tá mo phócaí lom, faraor.
Ach ab é na halligators, do luífinn síos faoin spéir.
Tá fáilte romhat go dtí mo thigh, cé gur simplí é i réim.
Ach níor diúltadh ariamh do na strainséirí ann ar bhruach Loch Pontchartrain.

Thug sí go teach a máthara mé is rann sí liom go fial,
‘S a folt dubh a’ casadh ina ndlaoithe deas’ thar a guaillí a chroch aniar.
Ar a maise is scéimh níl scríobh ná léamh, ar a háilleacht is ar a gnaoi.
Is í an ainnir chaomh a mheall mo chroí ar bhruach Loch Pontchartrain.

Dhiúltaigh sí mé a phósadh ach d’inis sí dom go fíor
go raibh a grá ar bharr na dtonn i bhfad i gcéin ón tír.
Dúirt sí go mbeadh sí dílis dó is go bhfanfadh sí leis féin
go bhfillfeadh sé chuig a ghrá creole ar bhruach Loch Pontchartrain.

Céad slán le brón, a chailín chróin, anois ‘tá ag imeacht uaim.
Ach beidh cuimhne ar do chineáltas sa teach beag cois an chuain.
‘Measc cairde cléibh ag spraoi nó a’ scléip nó a líonfadh gloine lán
Le Sláinte a ól d’ainnir creole ar bhruach Loch Pontchartrain.

Scéal 1: An Cat is an Luch

                                       An Cat is An Luch

Fadó, fadó, bhí caint ag na beithigh. Bhí muise, agus is iomaí argóint a bhíodh eatarthu freisin. Bhuel, ar aon nós, ní faoi argóint atá mo scéalsa ach faoi gheallúint a bhriseadh. Seo mar a tharla sé.
Lá amháin, bhí luch ina suí ar imeall bairille biotáille. Bhí sí ag ól is ag ól agus dar ndóigh de réir mar a bhí sí ag ól, bhí an bheoir ag ísliú sa bhairille. De réir mar a bhí an bhiotáille ag ísliú is ea is mó ab éigean don luch a cloigeann a ísliú ina diaidh. Bhuel, bhí sí ag ísliú, is ag ísliú, is ag ísliú agus an chéad rud eile ‘plump’ thit sí i ndiaidh a mullaigh síos sa bhairille.

Ó a mhac! Is beag nár phleasc a croí leis an ngeit a baineadh aisti! Thosaigh sí ag béicíl agus ag béicíl in ard a cinn is a gutha agus í ag iarraidh a bheith ag snámh timpeall ag an am céanna.
Chuala an cat an bhéicíl. Léim sé suas ar imeall an bhairille agus nuair a chonaic sé an luichín ag snámh thosaigh sé ag gáirí is ag gáirí is ag gáirí.

“Ó ar son Dé sábháil mé,” arsa an luch.
“Agus céard a thabharfaidh tú dom má shabhálaim thú “’a deir an cat.
“Tabharfaidh mé cead duit mé a ithe,” a deir an luch.
“An bhfuil tú cinnte ?” a deir an cat.
“Ó” a deir an luch, “sin geallúint, cinnte.”
“Tá go maith” a deir an cat, “sabháilfidh mé thú.”

Ach bhí deacracht ann ansin. Cén chaoi a bhféadfadh sé an luch a shabháil?
Shín sé amach lapa amháin ach ní raibh sé sách fada. Shín sé amach lapa eile ach ní raibh sé sách fada. Ach ba ghearr gur chuimhnigh sé ar chleas. D’iompaigh sé thart agus shín sé amach a eireball.

“Beir ar m’eireball, a luichín,” a deir sé.
Rug an luichín ar a eireball agus tharraing an cat amach as an mbarrille é.
“Horá” a deir an cat, “céard faoin ngeallúint a thug tú dom?”
“Á, ná bac leis an ngeallúint sin anois,” a deir an luichín, “bhí mé ag ól nuair a thug mé í.”

Ceisteanna ( Leibhéal 1)
1. Cé mhéid ainmhithe atá sa scéal? _____________________________________
2. Cá raibh an luch i dtosach ? __________________________________________
3. Céard a bhí sí ag déanamh?___________________________________________
4. Céard a tharla di?___________________________________________________
5. Céard a rinne an cat?________________________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 2)
1. Cá raibh an luch ina suí nuair a bhí sí ag ól?______________________________
2. Céard a bhí sí ag ól?_________________________________________________
3. Cén fáth ar thit sí isteach sa bhairille?___________________________________
4. Céard a rinne an cat nuair a chonaic sé thíos sa bhairille í?__________________
5. Cén gheallúint a thug an luch don chat ?_________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 3)
1. An scéal faoi argóint é seo?
2. An bhfuil aon ainmneacha áite ina bhfuil an focal ‘Mullach’ ar eaolas agat?
3. An bhfuil aon bealach eile ‘as go brách léi’ a rá?
4. Meas tú, an leithscéal maith é, an leithscéal a thug an luch don chat?
5. An raibh an ceart ag an luch geallúint a bhriseadh?
Ar fhoghlaim tú focail nua sa scéal ? ‘Bhfuil sé deacair nó easca ? An gcabhraíonn sé leat?

Cat (m) / Luch (f)
Foclóir
Ar aon nós – Anyway
Bhuel – Well
Dar ndóigh – As could be expected
De réir – According as (De réir mar a bhí one thing happening, bhí another..)
Is iomaí – ‘Tis many (followed by the singular – Is iomaí lá a chaith mé ann)
Muise – Aagh, goodness, well… Expression with many different meanings
Ná bac – Don’t bother
Sách – Enough (with the neg. – Níl sé sách maith.)
Ag béicíl – Yelling
Ag ísliú – Getting lower
Beir – Grab
Baineadh geit aisti – She got a fright (lit. a fright was taken from her)
Phleasc sé – It exploded
Sábháil mé – Save me
Shín sé – He stretched
An bheoir – The beer
Argóint – Argument
Bairille biotáille – Barrel of spirits (alcoholic)
Cleas – Trick
Deacracht – Difficulty
Geallúint – Promise
Imeall – Edge (ar imeall na coille at the edge of the woods)
Na beithigh – The animals (domestic)
Eatarthu – Among themselves
Eireaball – Tail
I ndiaidh a mullaigh- after her head, head first
Lapa – Paw
ó
Múineadh Labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh

An tSlua Sí

 Mheall Balor Suas Mé





Bhí mé in Éirinn le déanaí sa chúigiú cúige. D’éirigh mé maidin amháin ann is thug mé faoi deara go raibh meall i m’ascaill. Ag an dochtúir liom go sciopaidh le fáil amach nach raibh mé ag fáil bháis fós agus nach raibh aon dochar ann. Salann, uisce and brú air is bheinn ceart go leor arís a dúireadh liom. Baineadh geit asam mar sin féin.
Ní ait an rud é mar sin gur chaith mé an lá ar fad ag dul ó reilig go reilig is ag dreapadh cnoc spioradálta.



Tar éis dul ag caint le m’athair nach raibh fonn cainte air ar chor ar bith thug mé cuairt ar Bhaile Fhobhair (Fore, Co na hIarmhí). Tá cáil air mar mhainistir is bhí baint aige leis an bplá i 655. Chuaigh mé ann ag guí ar son mo shláinte.  ‘Siad na déithe págánaigh a ghaloigh orm. D’fhéach mé ar leagan amach na háite ar mapa a bhí ann. Ar thaobh mo lámha clé bhí an séipéil is an mhainistir sa ghleann thíos fúm. Ar dheis bhí cnoc mór is cloch mór milteach ar a bharr is bhí fonn orm dul suas an lá sin in áit dul síos. ‘Carrick Balor’ a bhí air de réir an mapa is mar sin suas liom.

Ag an mbarr bhí mé tuirseach ach lán sásta i gcomhluadar na beithigh ar bharr an chnoic ag breathnú síos ar an radharc álainn. Ní raibh capall ann ná bagairt ná brú ar bith agus lig mé dom’ chorp sos a thógáil ann is mhothaigh mé teas is solas ag dul trím.

Roimh dul abhaile dom thug mé faoi deara go raibh crann in aice leis an gcarrchlós is é maisithe le píosaí éadaí. Stróic mé cuid de mo sheaicéad agus cheangail mé é ar chraobh is d’imigh mé liom.



Cheannaigh mé iasc is sceallóga  ó fhear ó Nepal sa chipper i mBaile Fhobhair roimh dul abhaile dom is bhí cómhrá taitneamhach againn. Bail ó Dhia ar a obair. Ar ais sa teach dom thosaigh mé ag léamh faoin tSlua Sí ón leabhar Scéalta Chois Cladaigh. An-turas, an lá sin!

Alt spéisiúil faoi Fore anseo: http://aheronsview.blogspot.com/2010/04/seven-wonders-of-fore.html

Scéal ó Sheán Ó hEinrí
den leabhar Scéalta Chois Cladaigh

An gearrán mór le cruithe óir,
Agus a shúil ar dhath na gréine;
Thóig sé a cheann agus tharraing sé srann,
Agus de bhoc, bhí sé scuabtha léithi.
Céard is ciall dá sin?
An tSlua sí! An tSlua sí!

j-Lava Man .jpg

Aingle na dTrí Sciathán

Cré, Cró is Cearta


Nuair a bhí mé san mbaile seachtain ó shin thug mé cuairt ar reilig do pháistí nach raibh baistithe agus do dhaoine a fuair bás ón Cholera. Tá an reilig bheag ann le fada an lá taobh leis an chanáil ríoga in aice le droichead Cill Phádraig taobh amuigh den Muileann gCearr. Sa bhaile sin a tógadh mé. Sa reilig sin atá m’uncail, dearthaireacha m’athair agus níl focal fúthu scríobhtha ann. Tá sé deacair go leor an áit seo a fheiceáil ón gcosán ach tá an-stair ag baint leis.

Bhí áthas orm a fheiceáil an uair seo go raibh cuí ar an reilig. Níl a fhios agam an bhfuil áthas orm faoin gcros ach caithfidh mé cuimriú go raibh a leithéid ann roimh am Naomh Pádraig. Tá rósanna ag fás ann anois agus faoi dheireadh tá cuimhneamh ar chlann amháin ann ar leac bheag.

Tá na leanaí atá curtha anseo agus a mhuintear a mhaireann sa chó dorcha le fada an lá. Is trua sin. Tá sé ceart is cóir aithint a thabhairt do na mairbh. Mo mhíle bhuíochas do na daoine a chuir an chéad leac suas mar ba mhaith liom an rud céann a dhéanamh anois do mo dhaoine ach níl sé éasca. Tá an meon aigne céanna againn in Éirinn agus atá acu sa Spáinn. ‘Sé ‘Veulve Ud. mañana’ nó ‘an méar fhada’ a chuireann gach rud siar anseo i gcónaí gcónaí.

An chéad leac sa reilig. Do formhór na daoine ann níl ann ach clocha gan ainmneach nach féidir a fheiceáil faoin bhféar.

Tá súil le Dia agam go mbeidh mé in ann ainmneacha m’uncail a fheiceáil ansin nuair a fhillim an chéad uair eile.  Is fada an turas atá agam ó California go Muileann gCearr. D’fhág mé an reilig agus shiúl mé ar ais ar bhruach an canáil ag stopadh le caint le capaill ar an mbealach. An chéad lá brea a bhí againn. Bhí an t-ádh liom.

Sa chré atá siad, mo mhuintear, ní sa chró. Is tá draíocht agus síocháin san áit seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí dearmad ar áiteachaí mar seo go deo ná ar na daoine a mhair ar an saol seo fadó, fiú ar feadh seal an-bheag ar fad.
Ag smaoineamh ar mo thuras shuigh mé síos sa bhaile is léigh mé an dara scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

Aingle na dTrí Sciathán

Mhoithigh mé go minic go bhfeicthí iad, go mbíodh said ina gcineál aingle. Na haingle a thugtaí orthu. Agus níl ‘fhios agam ab shin í an fhírinne nó nach í ach bhí sé ráite go bhfeicthí iad ar mhodh ar bith. Agus mhoithigh mé fear amháin ag insin’ scéal faoi. Seanfhear a bhí ann.

D’éirigh sé ar maidin, deireadh oíche. Ní raibh aon am an uair sin le fail, uaireadóir ar bith ar ndóiche. Ní raibh cineál am ar bith ann ach an ghrian agus an ghealach. Ach d’éirigh sé deireadh oíche agus cé ar bith sórt uisce brogach a bhí fágtha ag bean an tí i mbuicéad in íochtar an cisteanach thíos, rug sé ar an mbuicéad uisce bhroghach sin agus d’oscail sé an doras agus chaith sé amach ar an gcnoc é.

Agus ar áit na bonn nuair a chaith sé amach an t-uisce ins an doras, d’éirigh an tslua meáin pháistí agus thosaigh said ag gártháil. Chonaic sé ag imeacht iad mar a bheadh cnap míoltóta ón teach agus níl ann go ndearna sé aníos é go dtí an leaba san áit a raibh a bhean ina codladh. Agus d’inis sé an scéal di.

‘Céard ‘tá ort?’ a dúirt sí.
‘Á bhuel,’ a dúirt sé, ‘tá rud cluinste anocht agam nár mhoithigh mé ariamh.’
‘Céard a mhoithigh tú?’ a dúirt sí.
‘Chaith mé amach an t-uisce broghach a bhí fágtha thíos sa gcanna agat ó oíche,’ a dúirt sé ‘amach ar an gcnoc agus d’éirigh an tslua meáin pháistí amach ón doras.’
‘Á muise,’ a dúirt sí, ‘a amadáin, nach ndéarfá’ a dúirt sí ‘go bhfuil tú sách fada ar an tsaol anois! Nach láidir nár inis do sheanathair nó do sheanmháthair an obair seo duit fada ó shin nuair a bhí tú ag fás suas! Nach bhfuil fhios agat’ a dúirt sí ‘nár cheart duit uisce broghach a chaitheamh amach? Sin iad na páistí a fhaghanns bás gan bhaisteadh atá ag imeacht anois ag feitheamh ar fhuascailt. Sin iad na haingle a dtugann said aingle na dtrí sciathán orthu.’
‘Cén sórt aingle iad sin?’ a dúirt sé.
‘Bhuel, sin iad na páistí’ a dúirt sí ‘a fhaghanns bás gan bhaisteadh.’
‘Agus cén sórt aingle’ a dúirt sé ‘aingle an dá sciathán?’
‘Sin iad na haingle cearta’ a dúirt sí ‘a bhíonns baistithe agus a fhaghanns bás a théanns thríd thaobh na lámha nach mbíonn aon pheaca orthu agus a chuirtear go deas cliste ins an teampall. Sin iad aingle an dá sciathán. Ach iad seo a fhaghanns bás agus a théanns ins an gCró Dorcha, tá trí sciathán orthu agus tá said ag imeacht ag feitheamh ar fhuascailt i gcónaí ‘gcónaí. Agus ná dean sin’ a dúirt sí ‘arís, a fhear chéile, fhad is a bhéas tú ar urlár an tí seo.’
Mhoithigh mé an scéal sin go minic.


Amhrán álainn ó Leonard Cohen ag míniú an scéal go simplí: http://www.youtube.com/watch?v=XAzKhhzZU0I&feature=related

An Bhean a Tugadh As

http://www.youtube.com/watch?feature=player_embedded&v=Pnf-VRC-41Y

Ní aithním thú ach teastaíonn tú uaim

Caillte

‘How’s my little gearrachaile?’ a chloisinn fadó ó mo Dhaid. Bhí amantaí maithe ann ach ‘siad na nóiméidí caillte a fhanann liom: nuair a bhí mo Mhaim a lorg fáisce is dhiúltaigh sé di é, nuair a bhí sé ag obair gan stad… Níor airigh mé mórán grá uaidh. B’fhéidir nach raibh grá ann ach ní dóigh liom gur fíor é sin ach oiread. B’aisteoir é nuair a bhí gá leis is nuair a thagadh duine ar chuairt bhí sé i dea humor ar feadh an ama sin. Is bhí grá ann fadó sular chaill said é is faoi dheireadh tháinig sé ar ais arís is anois níl ‘fhios agam cá bhfuil sé.
Teach na seandaoine

Tá mo Dhaid i dteach na seandaoine sa Mhuileann gCearr anois. Bíonn laethanta maithe aige agus amantaí eile nuair nach mbíonn sé ag iarraidh caint le duine ar bith is é ar a leaba leath ina chodladh ag déanamh tada is an t-am ag sciobadh uaidh. N’fheadar cén sórt smaointe a bhíonns aige ansin. Tá Parkinsons aige anois is tá sé fíor-dhian air dul amach ag siúl. Is cinnte go bhíonn gruaim air go minic agus mo Mhaim imithe ar shlí na fírinne tar éis bheith san áit céanna le blianta fada le Alzheimers. Caillte.
An pháirc in aice le mo theach (sa gheimreadh ar ndóigh)

Is mé ag fás suas chuala mé faoi dhaoine i dteach na ngealt ach dúirt mo Mhaim liom gur ‘daoine le Dia’ a bhí san áit sin agus thaithin an frása sin liom. Bhí cineáltas ann. Nuair a bhí mé an-óg is cuimhin liom mo thuismitheoirí  ag glaoch ‘sweethearts’ orthu féin. De réir a chéile d’imigh an grá. Chail said beirt dá gclann: mo dheirthair is mo dheirfiúr a d’fhág an saol seo sula raibh seans acu fásadh. Caithfidh go ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu. Níl a nainmneacha le fáil in aon reilig. Stair caillte.
An Muileann gCearr

Ach nuair a chuir siad Maim isteach i dteach na seandaoine tháinig athrú ar Dhaid. Bhí siad uilig ag caint faoi, an fear a tháinig isteach lá i ndiaidh a chéile is a bhí ag caint lena bhean chéile is gan clú aici céard a bhí sé a rá. Ach d’aithin sí an grá arís is bhí sí óg arís ar bhealach is ‘le Dia’ ar bhealach eile. Tógadh í. Agus fuair sí sonas sular imigh sí, ró-dhéanach ar bhealach ach b’fhéidir go raibh sí níos fearr as. Agus Daid agus a chlann? Tá an gleic ann a bhí ann i gcónaí. Tá sé fós stuacach agus creideann sé i ndílseacht agus meascann sé a obair le luach agus is mór an trua é. Ní ligeann sé do dhaoine an grá a thug sé do mo Mhaim a thabhairt dó. Seansanna caillte.

Is dóigh nár chóir dom an lúdramán a luaigh ach bhuel níl meas dá laghad agam ar a dhochtúir.  Ach sin scéal eile. Fágfaigh mé ar cheall é. Ach tá gá le feabhas ar an staid ina bhfuil cúrsaí. Ní bheidh mé san mbaile ar fead bliain eile agus níl dabht ar bith orm go mbeidh rudaí ag dul in olcas. Sin an chaoi ina bhfuil an saol is níl neart agam air. Chludaigh mé a chosa leis na pluideanna is dúirt mé ‘Slán go bhfeicfidh mé aríst thú’ is tháinig an dea humor ar ais agus bhí mé buíochasach don bhronntanas sin.
 
Mo bhealach abhaile: an saol san aer
Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile aríst…
D’fhill mé an lá sin ag an teach inar fhás mé suas is léigh mé an triú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

3. Bean a Tógadh As

Bhí bean i dtinneas clainne thoir i nGeannraí fada ó shin agus bhí sí go dona. Ní raibh aon dochtúir ann an uair sin ach na mná glún, an dtuigeann tú? Bhí bean ghlún istigh ann. Ba sheo cailleach ar ndóiche a raibh cineál láimh aici ar an obair. Ach ní rabhthar ag déanamh aon mhaith.

Ach bhí fear istigh ann ina shuí ar chloich an bhaic, ar ndóiche, agus bhí an bhean a bhí sa leaba le bású. Ní raibh aon mhaith le déanamh di.

Fuair sí bás agus timpeall mí ina dhiaidh nó b’fhéidir sé seachtainí, an fear a bhí ar chloich an bhaic, bhi sé i mBaile Uí Fiacháin ag aonach beithíoch. Bhí beithíoch le díol aige. Agus go díreach thuas i lár shráid an mhargaidh, shiúil an fear seo chuige agus chroith sé láimh leis.

‘Bhuel, ní aithním thú’ a dúirt fear Gheannraí ‘agus tá tú ag croitheadh láimhe liom.’
‘Bhuel, aithnímse thusa,’ a dúirt fear Bhaile Uí Fhiacháin. ‘Bhí tú i do shuí sa gclúid thíos i nGeanntraí an oíche a fuair do bhean bás. Mise an fear saolta a bhí leis na daoine uaisle na gcnoc an oíche sin. Agus dá mbeadh vástchóta mhuinchilleach an fhir’ a dúirt fear Bhaile Uí Fhiacháin ‘caite transa ar chosa na mná an oíche sin, bheadh an bhean sin beo ó shin, a duirt sé. ‘Ach thug an tslua sí leofa í.’

Shin é anois an méid a mhoithigh mise. Sin scéala fíor.