Thursday, January 3, 2013

SBB ag fógairt bua Katie Taylor

SBB ag déanamh cur síos ar thoradh Katie Tayor sna Cluichí
Oilimpeacha


1. Agus chomh ciúin. And so quiet. Deich bpointe in aghaidh a naoi, a naoi. Ten points against nine, nine. Ghaaa! Katie Taylor! Katie Taylor! Ghaaa! Katie Taylor! Katie Taylor! Seaimpín na hEorpa, seaimpín an domhain agus seaimpín Olympics anseo!  Champion of Europe here, champion of the world and champion of the Olympics here!
2. 0:15 Tá sé buaite ag Katie Taylor. Katie Taylor has won it. A leithéid de thaispeántas arís, sa triú babhta sin!  What a display again in that third bout! Tá sí fhéin agus Daide agus Billy, agus fear Georgia, tá siad ag baint barróige dá chéile.  She herself and her dad and Billy and the man [from] Georgia, they are all hugging each other.
3.  0:30 Ó d’fhéadfadh an bhean [sin]! Oh that woman could do it! Labhair mé cheana orthu, laochra na hÉireann: Maud Gonne, Graunuaile, Mary Robinson, Máire Mhac an tSaoi… I spoke earlier of them, the heroes of Ireland: Maud Gonne, Graunuaile, Mary Robinson, Máire Mhac an tSaoi… Caith í isteach san áireamh leo. Throw her into the count with them.  Seo í an bhean! This is the woman [Katie Taylor]!
4. 0:41 Tá an Rúiseach ag gáire. The Russian is laughing. Níl aon fhonn gáire ar an Rúiseach. She has no [true] desire to laugh. Tá cnagaire, tá coilgeach uirthi. She’s sulking,  she’s angry. Tá sí lán d’éad. She is full of jealousy. Agus dúirt sí aréir go raibh deich bpointe ag Katie Taylor sula dtiocfaidís isteach sa fáinne ar chor ar bith. And she said last night that Katie had [an automatic] 10 points before they’d even get into the ring at all. A leithéid de sheafóid! Oh, what rubbish! Ó a leithéid de bhean, Katie Taylor! Oh, what a woman, Katie Taylor!
5. 0:58 Agus dáiríre táim ag tráchtaireacht, a lucht éisteachta, le dhá scór bliain.  And really I’ve been reporting, to you listeners, for forty years now. Ach seo í an ócáid is giorra de mo chroí ariamh ariamh sa saol, go bhfuil an bhean seo tar éis an craobh Olimpeacha a thabhairt leí. But this is the occasion that is closest to my heart ever in my life that this woman has just taken the Olympic title. Murach í, ní bheadh aon chraobh. Without her, there wouldn’t be any championship. Ní bheadh aon bhean sna Olympics. There wouldn’t be any women [boxers] in the Olympics. Agus anois tá brat na hÉireann ag Katie Taylor. And now Katie Taylor has the flag of Ireland. Tá sí ag gabháil timpeall an fháinne. She is going around the ring. Sár throid! Excellent fight!
6. 1:20 Níl aon cheist faoi cé hí an dara duine is fearr sa domhan. There is no question about who is the second best person in the world. ‘Sí Ochigava an dara duine is fearr sa domhan. It is Ochigava, [who is] the second best person in the world. Ach ag deireadh an lae, níl aon mhaitheas i bheith an dara duine is fearr sa domhan mar ‘sí Katie Taylor an duine is fearr sa domhan. But at the end of the day there is no good in being the second best person in the world because it’s Katie Taylor, [who is] the best person in the world.
7. 1:34 Deich bpointe in aghaidh a hocht go hoifigiúil anseo: ó a dó, a dó san gcéad ceann; a dó, a haon ag Ochigava sa dara ceann; a ceathar, a haon ag Katie. Ten points to eight officially here: oh, 2:2 in the first one, 2: 1 to Ochigava in the second one, 4:1 to Katie in the third. An  triú babhta: sin é an ceann. The third bout: that is the one! Tá sí ag breathnú suas sa spéir anseo. She is looking up into the sky here. Tá sí ag dul trasna go dtí na cúinní go gairid. She’ll be going over to the corners soon.
8. 1:51 Cuireann siad an  ? gown dearg uirthi. They put the red gown on her. Tá sí ag gabháil amach as an bhfáinne anseo. She is going out of the ring. Agus, a lucht éisteachta, dáiríre píre, mura bhainfeadh sé seo na deora as do shúile… And, listeners, really and truly, if this can’t bring the tears to your eyes… Tá sé an-deacair deora a bhaint as a gcuid súile. It’s really hard to take the tears away. Tá siad ag tarraingt isteach. They are filling up. Ar cúig nóiméad tar éis a cúig, a lucht éisteachta, tá an stair á dhéanamh . At 5:05, listeners, history is being made. Tá sé buaite ag Katie Taylor. Katie Taylor has won. ‘Sí Katie Taylor as Brí Chualann, sé bliain d’aois, sé bhliain  is fiche d’aois, an seaimpín Olimpeacha don bhliain dhá mhíle is a dódhéag. It is Katie Taylor from Bray, 6 years…26 years old, the 2102 Olympic champion. Agus leis sin, mo Sheáinín, d’fhógair (?) gur deacair go deo, leis sin ar ais leat sa studió. With that, me [little] Seán, I do declare this is awfully hard [to talk], back to you in the studio.

Seán Bán Breathnach ar Raidió na Gaeltachta ar an 9ú de Lúnasa 2012.

Maith thú, Katie!
Mórtas Cine

No comments:

Post a Comment