Saturday, January 5, 2013

Meath, Apacailipsis agus Aiséirí

Pompeii in Encino

Bhí mé ag sochraid go luath ar maidin inniu in Encino. Ní raibh aithne agam ar an mbean a cailleadh. Oibríonn a hiníon sa scoil liom ach níl aithne mhaith agam uirthi ach oiread. Duine nua í. Níl an áit ina bhfuil an séipéal suite galánta ar chor ar bith. Ar Ventura Blvd. chonaic mé fógra os mo chionn faoi thaispeántas Pompeii sa Getty. Gabhfaidh mé ann amárach. Roimh dul isteach sa séipéal dom chonaic mé oibilisc le cros ar a bharr gar don doras. Maidin spéisiúil a bhí agam is mé ag breathnú ar shaibhreas, foilsiú is an fhírinne roimh am bricfeasta.

obelisk

Bhí saibhreas go leor ann. Seo an dara sochraid dom i Meiriceá. Ag an gcéad ceann ní raibh ach triúr beo i láthair: an iníon, bean rialta agus mé féin. Ar ndóigh bhí an dream gairmiúil ann (an sagart ina measc) ach faigheann siadan airgead le bheith ann. Ní fhaca mé aon rud chomh huaigneach leis i mo shaol roimhe sin. Bhí feabhas ar an scéal an uair seo is grúpa mór ann ar maidin. Thug mé faoi dearadh go raibh siad uilig fíor-ghalánta. Bhí an ceol thar barr: organ is cór iontach acu. Ní raibh mé compóirdeach ann is níor lean mé iad ina dhiaidh go dtí an Country Club.

Foilsiú? Léirigh an séipéal a rúin ina shiombailí. Taobh istigh bhí fuinneoga ildaite ann fiú ins an gcoróin os cionn na haltóra ag foilsiú an chumhacht agus an ghlóir. D’inis na bratacha ar an altóir (brat SAM ar an taobh clé le iolar ar a bharr agus brat na Vatacáine ar an taobh eile le fleur-de-lis ar a bharr ar nós píce) go raibh siad bródúil as a gconcas. Ní fheiceann na Meiriceáinigh an faisisteachas anseo leis an gceangal idir saibhreas, concas agus reiligiún. Labhair na hiníonacha. Duine i ndiaidh a chéile labhair siad faoina máthair mar dhuine a bhí curtha ar an saol seo le bheith ina máthair. Buíochas le Dia nuair a labhair a mac faoi dheireadh luaigh sé a hintleacht.

Bhí sé brónach. Is cuma cé mhéid airgid atá ag daoine níl sé éasca an bás a thuiscint. Smaoinigh mé ar an bhfógra faoi Pompeii ar mo bhealach abhaile. Ní raibh siadsan ag súil leis an mbás ach oiread agus iad gléasta suas go galánta fadó ag baint taitneamh as an saol.

Hamilton pompeii 
Alfred Elmore (Éireannach, 1815–1881)
Pompeii, A.D. 79, 1878

Ach tháinig an bás gan chuireadh mar is gnáth agus bhris sé croíthe mar is gnáth. Is d’athraigh sé gach rud. Dath dorcha caite ar an saol.

Elfmore Pompeii
James Hamilton (Meiriceánach a rugadh in Éirinn, 1819–1878)
The Last Days of Pompeii, 1864
agus
dearcadh Dalí lena dhomhan lúbtha, casta, iarmhairt.
Dali pompeii
Salvador Dalí (1904–1989)
Gradiva Rediscovers the Anthropomorphic Ruins, 1931–32

Aiséirí? Tháinig dóchas ar ais dom ar mo bhealach abhaile ar an 101 is mé ag éisteacht le Tavis Smiley ag caint le George Takei  (Star Trek) faoina shaol. Thosaigh George ag caint faoi mhaidin amháin is é cúig bliana d’aois nuair a d’fhéach sé amach an fhuinneog anseo i gCathair na nAingeal is chonaic sé saighdiúirí le pící ar bharr a raidhfilí acu ag fanacht taobh amuigh agus  a mháthair ag caoineadh ag an doras. Chuaigh an teaghlach go rásraon Santa Anita an lá sin agus chodail siad i stalla salach an oíche sin. Bhí sé i gceist ag an rialtas a ndígnit a bhaint díobh.  Éist leis an gcomhrá anseo: http://smileyandwest.ning.com/forum/topics/the-conversation-george-takei  D’éirigh le George sa deireadh agus tá clú agus cáil air ar fud an domhain ach tá rian an dochar ann go deo fiú san aiséirí cosúil le rianta Pompeii i bpictiúirí sa Getty.

Ní féidir gach rud a chur sa chré. Beidh cuimhniú orainn i bhfad. 
Tá súil agam go mbeidh scéalta maithe againn sa saol seo is fúinn níos déanaí.

No comments:

Post a Comment