Thursday, January 3, 2013

An Bhean a Tugadh As

http://www.youtube.com/watch?feature=player_embedded&v=Pnf-VRC-41Y

Ní aithním thú ach teastaíonn tú uaim

Caillte

‘How’s my little gearrachaile?’ a chloisinn fadó ó mo Dhaid. Bhí amantaí maithe ann ach ‘siad na nóiméidí caillte a fhanann liom: nuair a bhí mo Mhaim a lorg fáisce is dhiúltaigh sé di é, nuair a bhí sé ag obair gan stad… Níor airigh mé mórán grá uaidh. B’fhéidir nach raibh grá ann ach ní dóigh liom gur fíor é sin ach oiread. B’aisteoir é nuair a bhí gá leis is nuair a thagadh duine ar chuairt bhí sé i dea humor ar feadh an ama sin. Is bhí grá ann fadó sular chaill said é is faoi dheireadh tháinig sé ar ais arís is anois níl ‘fhios agam cá bhfuil sé.
Teach na seandaoine

Tá mo Dhaid i dteach na seandaoine sa Mhuileann gCearr anois. Bíonn laethanta maithe aige agus amantaí eile nuair nach mbíonn sé ag iarraidh caint le duine ar bith is é ar a leaba leath ina chodladh ag déanamh tada is an t-am ag sciobadh uaidh. N’fheadar cén sórt smaointe a bhíonns aige ansin. Tá Parkinsons aige anois is tá sé fíor-dhian air dul amach ag siúl. Is cinnte go bhíonn gruaim air go minic agus mo Mhaim imithe ar shlí na fírinne tar éis bheith san áit céanna le blianta fada le Alzheimers. Caillte.
An pháirc in aice le mo theach (sa gheimreadh ar ndóigh)

Is mé ag fás suas chuala mé faoi dhaoine i dteach na ngealt ach dúirt mo Mhaim liom gur ‘daoine le Dia’ a bhí san áit sin agus thaithin an frása sin liom. Bhí cineáltas ann. Nuair a bhí mé an-óg is cuimhin liom mo thuismitheoirí  ag glaoch ‘sweethearts’ orthu féin. De réir a chéile d’imigh an grá. Chail said beirt dá gclann: mo dheirthair is mo dheirfiúr a d’fhág an saol seo sula raibh seans acu fásadh. Caithfidh go ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu. Níl a nainmneacha le fáil in aon reilig. Stair caillte.
An Muileann gCearr

Ach nuair a chuir siad Maim isteach i dteach na seandaoine tháinig athrú ar Dhaid. Bhí siad uilig ag caint faoi, an fear a tháinig isteach lá i ndiaidh a chéile is a bhí ag caint lena bhean chéile is gan clú aici céard a bhí sé a rá. Ach d’aithin sí an grá arís is bhí sí óg arís ar bhealach is ‘le Dia’ ar bhealach eile. Tógadh í. Agus fuair sí sonas sular imigh sí, ró-dhéanach ar bhealach ach b’fhéidir go raibh sí níos fearr as. Agus Daid agus a chlann? Tá an gleic ann a bhí ann i gcónaí. Tá sé fós stuacach agus creideann sé i ndílseacht agus meascann sé a obair le luach agus is mór an trua é. Ní ligeann sé do dhaoine an grá a thug sé do mo Mhaim a thabhairt dó. Seansanna caillte.

Is dóigh nár chóir dom an lúdramán a luaigh ach bhuel níl meas dá laghad agam ar a dhochtúir.  Ach sin scéal eile. Fágfaigh mé ar cheall é. Ach tá gá le feabhas ar an staid ina bhfuil cúrsaí. Ní bheidh mé san mbaile ar fead bliain eile agus níl dabht ar bith orm go mbeidh rudaí ag dul in olcas. Sin an chaoi ina bhfuil an saol is níl neart agam air. Chludaigh mé a chosa leis na pluideanna is dúirt mé ‘Slán go bhfeicfidh mé aríst thú’ is tháinig an dea humor ar ais agus bhí mé buíochasach don bhronntanas sin.
 
Mo bhealach abhaile: an saol san aer
Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile aríst…
D’fhill mé an lá sin ag an teach inar fhás mé suas is léigh mé an triú scéal ó Scéalta Chois Cladaigh.

3. Bean a Tógadh As

Bhí bean i dtinneas clainne thoir i nGeannraí fada ó shin agus bhí sí go dona. Ní raibh aon dochtúir ann an uair sin ach na mná glún, an dtuigeann tú? Bhí bean ghlún istigh ann. Ba sheo cailleach ar ndóiche a raibh cineál láimh aici ar an obair. Ach ní rabhthar ag déanamh aon mhaith.

Ach bhí fear istigh ann ina shuí ar chloich an bhaic, ar ndóiche, agus bhí an bhean a bhí sa leaba le bású. Ní raibh aon mhaith le déanamh di.

Fuair sí bás agus timpeall mí ina dhiaidh nó b’fhéidir sé seachtainí, an fear a bhí ar chloich an bhaic, bhi sé i mBaile Uí Fiacháin ag aonach beithíoch. Bhí beithíoch le díol aige. Agus go díreach thuas i lár shráid an mhargaidh, shiúil an fear seo chuige agus chroith sé láimh leis.

‘Bhuel, ní aithním thú’ a dúirt fear Gheannraí ‘agus tá tú ag croitheadh láimhe liom.’
‘Bhuel, aithnímse thusa,’ a dúirt fear Bhaile Uí Fhiacháin. ‘Bhí tú i do shuí sa gclúid thíos i nGeanntraí an oíche a fuair do bhean bás. Mise an fear saolta a bhí leis na daoine uaisle na gcnoc an oíche sin. Agus dá mbeadh vástchóta mhuinchilleach an fhir’ a dúirt fear Bhaile Uí Fhiacháin ‘caite transa ar chosa na mná an oíche sin, bheadh an bhean sin beo ó shin, a duirt sé. ‘Ach thug an tslua sí leofa í.’

Shin é anois an méid a mhoithigh mise. Sin scéala fíor.

No comments:

Post a Comment