Thursday, January 3, 2013

Na Samurai sa Spáinn

Coilíneacht Samurai sa Spáinn


Tuairim is ceithre chéad bliain ó shin chuaigh Samurai thar farraige ón tSeapáin go dtí an Spáinn ar thuras taidhleoireachta. Bhí sos nó dhó acu ar an mbealach i Meicsiceo.

Is sa Spáinn a d’fhan cuid de na Samurai is phós siad mná na háite. Mar sin san lá atá inniu ann, gar go Sevilla sa bhaile beag Coria del Río, fós tá daoine ón gclann Samurai sin.  Tá b’fhéidir seacht gcéad daoine i Coria del Río a bhfuil gaol acu leis na Samurai a sheol suas an abhainn Guadalquivil ó Sendai sa bhliain 1613. Is féidir iad a aithint óna sloinne: Japón nó Japón-Japón ag cuid acu (ón athair is ón máthair).

Coria del Río
I  gceannas ar a stair tá Manuel Virginio Carjaval Japón. Tá siopa rothar aige (tá mé ag saoineamh ar Na Frames arís) is sa siopa sin tá píosa páipéir aige ó Hasekura Rokuemon Tsunenaga (支倉六右衛門常長) a shinsear ón seachtú aois déag. Sa seomra ar chúl an siopa tá go leor leabhair aige óna shinsear a tháinig anseo san ré sin fadó.

Tosnaíonn an scéal leis an samurai seo Hasekura Tsunenaga.  Bhí cónaí air i Sendai sa cheantar ar a tugtar Miyagi / Fukushima / Iwate anois. Sin an áit a d’fhulaing is mó ón gcrith talúin, tsunami uafásach, is tubaiste núicléach an bhliain seo caite más cuimhin libh an nuacht. Ach ar ais ag an scéal.  B’eisean an chéad  toscaire oifigiúil a sheol an tSeapáin go dtí Meiriceá Thuaidh mar bhí air dul trí Meicsiceo le teacht go dtí an Spáinn. Is ní raibh sé ina aonar. Le 180 Seapánaigh eile d’fhág sé caladh Tsukinoura i Ishinomaki (Miyagi) ar bord galleon a thóg na Seapánaigh sa stíl a bhí ag na Spáinnigh. B’é an Daimyo Date Masamune a thug an t-ordú dóibh dul thar sáile.
 Daimyo Date Masamune

Bhí bráthair Críostaí ar bord dárbh ainm Luis Sotelo a d’oibrigh mar aistritheoir dóibh. Bhí sé ag iarraidh bheith ina ardeaspag ar oirthear na tíre lá éigin. Mar sin bhí sé ag iarraidh iad a thabhairt leo go dtí an Vatacáin freisin. Bhaistigh seisean an long an ‘San Juan Bautista’ agus thug siad aghaidh ar an fharraige mór go dtí gur tháinig siad go caladh gar go Acapulco. Thaisteal siad go cathair Meicsiceo is go Vera Cruz is lean siad orthu ar an turas.
San Juan Bautista

Ach d’fhan cuid mhaith acu sa phríomhcathair i Meicsiceo. Ní raibh anois acu ach tríocha. Faoi dheireadh shroich siad béal na habhainn an Guadalquivil sa Spáinn i 1614 ag Sanlucar de Barrameda. D’fhan siad ann seal i dteach mór ansin. Tar éis an sos beag sin lean siad orthu go Coria de Río an áit do na custaim san am sin sula ndeachaigh siad go Sevilla. Cuireadh fáilte mór rompu is thaisteal siad ar fud na tíre ina éadaí traidisiúnta. Chuaigh siad go Córdoba, Toledo agus Madrid, áit inar bhuail siad leis an rí Felipe III ach níor éirigh leo beart a dhéanamh maidir le trádáil.
 An Rí Felipe III (Velázquez)

Lean siad orthu go Zaragoza, Barcelona agus an Fhrainc. D’éirigh leis an mbráthair Sotelo dul leo go dtí an Vatacáin i 1615 is bhí cómhrá acu leis an bpápa ach níor éirigh leis an post a bhi uaidh a fháil ach oiread. Bronnadh an tideal saoránah onórach ar Hasekura agus b’shin é. Ach, dáiríre bhí an t-ádh leis mar sa bhliain céanna chuaigh Galileo ag caint leis an bpápa agus bhronn siad tideal difriúil air.
 An pápa Pól V (Rubens)

Chuaigh siad ar ais go Sevilla is tugadh ainmneacha nua is creideamh nua dóibh. Baisteadh Hasekura mar Felipe Francisco de Faxicura in áit Hasekura Tsunagara.  D’fhan na samurai go léir i mainistir gar go Sevilla go dtí gur shocraigh cuid acu (Hasekura, Sotelo is roinnt eile) filleadh abhaile. Shroich siad an tSeapáin arís i 1620. Ach, mo léan, ag an am sin bhí an cumhacht ag an gClann Tokugawa is bhí siad an marú na Críostaithe. Theith Hasekura go dtí na sléibhte ach dhóigh siad an bráthair Sotelo ar nós Jeanne d’Arc. Le fada an lá ní raibh a fhios ag éinne céard a tharla do Hasekura.
Hasekura ag guí

D’fhan seisear Samurai sa Spáinn agus bhí an t-ádh leo.  Phós siad mná na háite is cuireadh an focal Japón (de Japón) lena sloinne is tá sé fós ag neart daoine ansin. Bhí na Samuai sásta ach de réir a chéile rinne daoine dearmad ar a stair. Cheap daoine gur mar gheall ar iascairí a tháinig ón tSeapáin fadó a bhí an sloinne Japón sa bhaile beag. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhí cathair Sendai ag ceiliúradh céad bliain i 1989 is chuaigh méara Sevilla ann. Is nuair a bhí sé ann luaigh sé go raibh daoine leis na sloinne Japón i mbaile sa Spáinn. Thosaigh siad ag caint is faoi dheireadh thuig siad an stair. Anois tá gaol láidir idir Coria del Río is Sendai.
Is sin scéal na Samurai sa Spáinn.

No comments:

Post a Comment