Thursday, January 3, 2013

Scéal 1: An Cat is an Luch

                                       An Cat is An Luch

Fadó, fadó, bhí caint ag na beithigh. Bhí muise, agus is iomaí argóint a bhíodh eatarthu freisin. Bhuel, ar aon nós, ní faoi argóint atá mo scéalsa ach faoi gheallúint a bhriseadh. Seo mar a tharla sé.
Lá amháin, bhí luch ina suí ar imeall bairille biotáille. Bhí sí ag ól is ag ól agus dar ndóigh de réir mar a bhí sí ag ól, bhí an bheoir ag ísliú sa bhairille. De réir mar a bhí an bhiotáille ag ísliú is ea is mó ab éigean don luch a cloigeann a ísliú ina diaidh. Bhuel, bhí sí ag ísliú, is ag ísliú, is ag ísliú agus an chéad rud eile ‘plump’ thit sí i ndiaidh a mullaigh síos sa bhairille.

Ó a mhac! Is beag nár phleasc a croí leis an ngeit a baineadh aisti! Thosaigh sí ag béicíl agus ag béicíl in ard a cinn is a gutha agus í ag iarraidh a bheith ag snámh timpeall ag an am céanna.
Chuala an cat an bhéicíl. Léim sé suas ar imeall an bhairille agus nuair a chonaic sé an luichín ag snámh thosaigh sé ag gáirí is ag gáirí is ag gáirí.

“Ó ar son Dé sábháil mé,” arsa an luch.
“Agus céard a thabharfaidh tú dom má shabhálaim thú “’a deir an cat.
“Tabharfaidh mé cead duit mé a ithe,” a deir an luch.
“An bhfuil tú cinnte ?” a deir an cat.
“Ó” a deir an luch, “sin geallúint, cinnte.”
“Tá go maith” a deir an cat, “sabháilfidh mé thú.”

Ach bhí deacracht ann ansin. Cén chaoi a bhféadfadh sé an luch a shabháil?
Shín sé amach lapa amháin ach ní raibh sé sách fada. Shín sé amach lapa eile ach ní raibh sé sách fada. Ach ba ghearr gur chuimhnigh sé ar chleas. D’iompaigh sé thart agus shín sé amach a eireball.

“Beir ar m’eireball, a luichín,” a deir sé.
Rug an luichín ar a eireball agus tharraing an cat amach as an mbarrille é.
“Horá” a deir an cat, “céard faoin ngeallúint a thug tú dom?”
“Á, ná bac leis an ngeallúint sin anois,” a deir an luichín, “bhí mé ag ól nuair a thug mé í.”

Ceisteanna ( Leibhéal 1)
1. Cé mhéid ainmhithe atá sa scéal? _____________________________________
2. Cá raibh an luch i dtosach ? __________________________________________
3. Céard a bhí sí ag déanamh?___________________________________________
4. Céard a tharla di?___________________________________________________
5. Céard a rinne an cat?________________________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 2)
1. Cá raibh an luch ina suí nuair a bhí sí ag ól?______________________________
2. Céard a bhí sí ag ól?_________________________________________________
3. Cén fáth ar thit sí isteach sa bhairille?___________________________________
4. Céard a rinne an cat nuair a chonaic sé thíos sa bhairille í?__________________
5. Cén gheallúint a thug an luch don chat ?_________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 3)
1. An scéal faoi argóint é seo?
2. An bhfuil aon ainmneacha áite ina bhfuil an focal ‘Mullach’ ar eaolas agat?
3. An bhfuil aon bealach eile ‘as go brách léi’ a rá?
4. Meas tú, an leithscéal maith é, an leithscéal a thug an luch don chat?
5. An raibh an ceart ag an luch geallúint a bhriseadh?
Ar fhoghlaim tú focail nua sa scéal ? ‘Bhfuil sé deacair nó easca ? An gcabhraíonn sé leat?

Cat (m) / Luch (f)
Foclóir
Ar aon nós – Anyway
Bhuel – Well
Dar ndóigh – As could be expected
De réir – According as (De réir mar a bhí one thing happening, bhí another..)
Is iomaí – ‘Tis many (followed by the singular – Is iomaí lá a chaith mé ann)
Muise – Aagh, goodness, well… Expression with many different meanings
Ná bac – Don’t bother
Sách – Enough (with the neg. – Níl sé sách maith.)
Ag béicíl – Yelling
Ag ísliú – Getting lower
Beir – Grab
Baineadh geit aisti – She got a fright (lit. a fright was taken from her)
Phleasc sé – It exploded
Sábháil mé – Save me
Shín sé – He stretched
An bheoir – The beer
Argóint – Argument
Bairille biotáille – Barrel of spirits (alcoholic)
Cleas – Trick
Deacracht – Difficulty
Geallúint – Promise
Imeall – Edge (ar imeall na coille at the edge of the woods)
Na beithigh – The animals (domestic)
Eatarthu – Among themselves
Eireaball – Tail
I ndiaidh a mullaigh- after her head, head first
Lapa – Paw
ó
Múineadh Labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh

No comments:

Post a Comment