Sunday, February 3, 2013

Ar Aon - Adhlacadh Ana N 1/2/13


Ailse. Cé hí? Ana N. Cupán tae uaim. Danú, tabhair cúnamh dom.

Bhí náire orm bheith ag múineadh Spáinnis do latinas, ag múineadh a gcultúr féin dóibh. D’aithin Ana nár gringa i gceart a bhí ionam ó mo chaint is mo mheon aigne. Níor thuig mé an méid grá a bhí aici don Virgen de Guadalupe.

An Aoine. Imbolc in L.A. ag taisteal soir ar na saorbhealaigh ar an 10 don 405 don 105 go Watts, Cill Bharróg níos tirime le tithe ildaite ag titim as a chéile, daoine gorma ag siúl go mall, mná óga gléasta i stíl nach bhfeicfeá inár scoil ariamh. Bhí cónaí ar Ana anseo?

I séipéil beag latina le ainm ón Iodáil, bastaithe ag na hÉireannaigh i mbarrio negro chas an cór (maol) i Spáinnis lofa, amhráin ró-bhríomhara. D’fhulaing an slua latina an feall le dínit go dtí gur chas na  hamhránaí gospel amhrán binn. Mejor. Bhí múrmhaisiú den Virgen de Guadalupe ag féachaint orainn.

Thug na sagairt ar an altóir, fear as Sligeach ina measc, sólás do dhaoine. Dólás a lean é. Labhair duine faoin chaoi a dhóigh an chemo a corp. Céasadh Dé? Thuig sí is d’fhulaing sí an iomarca. América con barreras. Túis san aer. Bhí go leor ballaí roimpi sa tír seo. Labhair a deirfiúr agus thit na deora.

Lá Fhéile Bríde ar an uasbhealach ag dul soir don 710 don 60 go talamh gan rath is Reilig na hAiséirí. Bhí sneachta le feiceáil ar shliabh ón gcnoc ar a laghad. Scaoil siad 20 coilm leo. An iomarca. Le díoscán an ardaitheoir ag iarraidh an áit ceart a shroiceadh chuir siad an chónra bhán sa bhalla marmar.

Corp ar gach taobh di, bhí sí cutha ar thaobh mar chomhdaigh i gcaibinéad nó bosca i gCold Case, chomh hard thuas ansin i measc na mairbh. Níor chuala siad an bhean ag rá go raibh sé thart is d’fhanamar ró-fhada ag breathnú ar an lead ina fhoriomlán is a scriúire. B’shin é. Bhí Ana ar aon leis an mballa.

5 comments:

  1. Ní maith liom bhur dtrioblóid.

    Go raibh suaimhneas aici, ag a muintir, agus agat.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Maith agat. Saol crua ag an máthair is ag an deirfiúr. Buena gente san áit sin. Deacair an turas a thuiscint.
      Guím sólás dóibh freisin.

      Delete
  2. Replies
    1. Maith agat. Níl sé éasca d'éinne ach bhí Ana ró-óg.
      'Sekkaku' a deireann siad san tSeapáin.
      Ciallaíonn sé gur shroich duiine an pointe ina raibh gach rud réidh le dul ar aghaidh sa saol faoi dheireadh tar éis an-iarracht a dhéanamh agus goideadh gach rud uaidh/uaithi díreach ansin.

      Delete
  3. Is fianaise í seo nach mór a léamh ag gach duine, táim anseo chun an domhan ar fad a chur ar an eolas faoi fhear a shábháil mo chaidreamh agus tugtar an Dr. IZOYA ar an fhear mór seo. Go deimhin rinne sé post iontach dom trí mo shean-leannán a d'fhág mé a thabhairt ar ais agus gealltanas a thabhairt dom gan filleadh ar ais chugam arís. Leis seo, táim tar éis teacht ar an tuiscint go ndéanfaidh an t-eolas atá ag an Dr. Is féidir leat teacht air trína sheoladh ríomhphoist: drizayaomosolution@gmail.com. Nó a uimhir a bhfuil a app +12098373537. Déan teagmháil leis agus féach conas a réiteofar d'fhadhb laistigh de 24 uair. Déanann sé speisialtóireacht ar na hábhair seo a leanas freisin ...
    (1) Ba mhaith leat do shean-ais.
    (2) Ba mhaith leat a chur chun cinn i d'oifig.
    (3) Ba mhaith leat fir / mná a leanúint leat.
    (4) Tá leanbh uait.
    (5) Is fiontraí thú agus is mian leat conarthaí a bhuachan.
    (6) Ba mhaith leat go mbeadh do fhear céile leatsa go deo.
    (7) Teastaíonn cúnamh spioradálta uait.
    (8) Tá tú scammed agus ba mhaith leat airgead caillte a aisghabháil.
    (9) Stop an colscaradh.
    (10) Deasghnátha airgid a agairt.
    (11) Toghcháin a bhuachan.

    ReplyDelete