Chaith mé trí lá as Gaeilge sa Mhuileann gCearr.
B’shin an chaoi a mhínigh mé céard a tharla dom do dhaoine, ach bhí níos
mó ná sin ann. Bhuail mé le daoine cosúil le Damhnait, Veronica, agus Brendon a mhúin dom go bhfuil Gaeilge i ngach áit agus gur Gaeltacht í an tír go léir.


Bhí airgead, eolas agus bus uaim. Níor thug an
bhean a bhí ag féachaint ar na pasanna aon aird orm. Mise: Seo duit.
Ise: Fine. Thanks. Gan ligint di cur isteach orm, ar aghaidh liom le
m’airgead a athrú. Labhair mé go mall leis an lead óg ann: “Ceist. An
bhfuil Gaeilge agat?”
Thug mé faoi deara ar an turas seo go mbíonn trí soicind nó mar sin ag teastáil ó dhaoine le dul ó theanga amháin go teanga eile.
Sos 3 soicind. “Beagáinín,” a d’fhreagair sé.
“Ana-mhaith,” ar mé le gliondar. Leanamar ar aghaidh agus ba léir go
raibh áthas air go raibh áthas orm. De réir a chéile thosaigh sé ag
comhaireamh as Gaeilge agus bhí m’airgead agus an chéad bua agam.

Zón 12. Sin a bhí scríofa agam ar an
bpáipéar a fuair mé uathu. Nuair a chonaic mé an gárda taobh amuigh bhí
áthas orm arís. Bheadh Gaeilge aige. D’fhiafraigh mé de cá raibh zón 12.
Is thuig sé gach focal. Ach dhiúltaigh sé go hiomlán í a labhairt.
Eiseann: Over there. Mise: Thall ansin san áit ina bhfuil an bhean ina
seasamh? Eiseann: That’s right. Agus araile.
Ag stad an bhus chuir mé ceist ar an dtiománaí an
raibh sé an dul go dtí an Muileann gCearr. Mar a tharla sé, Daithí O
Flaithearta a bhí air agus Gaeilge álainn aige. Ach ní féidir bheith ag
caint le tiománaí bus agus é ag tiomáint.
Ag caint le Damhnait:
Mar sin, nuair a bhí mé suite istigh ann thosaigh
mé ag labhairt mé leis an mbean in aice liom ag tosnú le “Gabh mo
leithscéal. Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Bhí, mar a tharla sé. Chaith
mé an chuid is mó den turas ag caint as Gaeilge le Damhnait Ní
Loinsigh, bean chairdiúil, go dtí gur shroicheamar an baile. Ba
mhúinteoir í. Mhúin sí Laidin agus Mata i meánscoil ach bhí sí ar scor
anois. Ní raibh aon focail deacra ná téarmaíocht nua-aimseartha sa
chómhrá a bhí againn. Ach chuireamar aithne ar a chéile agus b’shin an
chéad cómhrá fada a bhí agam sa bhaile. Bhí ionadh orm agus uirthi faoi.
Ach mar sin féin bhí sé an-nádúrtha go deo. Níos sásúla ná Béarla.
Shroicheamar an Muileann gCearr agus d’fhágamar slán lena chéile.


Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo
bhaile dúchais. Ach ar an gceathrú lá bhí sé in am dom dul go dtí ‘An
Ghaeltacht.’ Ag an stáisiún traenach bhí mé ag léamh an leabhar Pedro Páramo i nGaeilge. Thosaigh bean in aice liom an caint liom i mBéarla, ag cur ceist orm faoin leabhar. Ós
rud é go raibh mé ag smaoineamh i nGaeilge ansin, ní raibh fonn orm
athrú go Béarla. Mar sin thaispeáin mé an leabhar di agus mhínigh mé (go
mall as Gaeilge) mo phlean Gaeilge a labhairt. Bean álainn a bhí inti
agus bhí a Daid léi ar an taobh eile. “Ú,” ar sise. “I understood that.” Ansin thosaigh sí ag caint liom i nGaeilge, go mall ar dtús agus gan stró roimh i bhfad. Ó
am go ham stop sé le rá lena Daid ar an taobh eile “I can’t believe I’m
speaking Irish!” agus ar ais léi arís ag caint liom. Veronica a bhí
uirthi agus bhain mé an-taitneamh as ár gcomhrá. D’fhág mé slán léi agus
lena Daid i nDún na nGall.
‘Sé an chéad rud a bhuail mé sa Ghaeltacht i nDún
na nGall (i ndiaidh áilleacht na háite) ná go raibh mé ag labhairt níos
mó Béarla ansin an chéad lá a bhí mé ann. Bhí daoine nach raibh Gaeilge
ar bith acu ar an gcúrsa. Tá Gaeilge ón scoil ag daoine sa bhaile. Ach
b’shin an chéad lá ann agus bhí Gaeilge le cloisteáil mór thimpeall orm
freisin.
Chuaigh mé ansin le fáil amach cén draíocht a bhí
ag Oideas Gael. Chuala mé faoi go minic ó dhaoine i Meiriceá. Tuigim
anois cén fáth a a dtagann daoine ó thíortha i bhfad is i gcéin ar ais
go dtí an áit sin bliain i ndiaidh a chéile. Tá na himeachtaí, an ceol,
na múinteoirí, an cúrsa ar fad ar an gcaidhdeán is airde. Tá Gaeilge
agus ár gcultúr ag fás ansin agus ag scaipeadh ar fud an domhain. Moladh
go deo leo.

Ar m’oíche dheireanach sa bhaile chuaigh mé go ar ais go Áras an Mhuilinn. Is bhuail mé le Brendon ann. “Níl focal Gaeilge agam.” Sin a dúirt sé agus ní raibh aon rud as bealach ná neamhchoitianta ag baint leis an ráiteas sin seachas go ndúirt sé as Gaeilge é agus go raibheamar tar éis bheith ag caint le chéile ar feadh fiche nóiméid trí Ghaeilge amháin, rud a luaigh mé dó ag taispeáint an t-am dó ar m’uaireadóir.
Duine lách a bhí ann. Chuala sé mé ag labhairt le fear eile as Gaeilge ar an mbealach isteach agus phioc sé suas an comhrá ag labhairt go mall ar dtús agus muid ag cur aithne ar a chéile ar an mbealach isteach go dtí an Seisiún thuas staighre.
Cé gur dhiúltaigh sé go raibh Gaeilge aige, bhí sé líofa agus bhí sé soiléir go raibh áthas air an teanga a úsáid. Fuair mé amach tar éis píosa maith cainte go raibh aithne aige ar mo Dhaid agus fuair sé amach go raibh mé ag fanacht i dteach mo Dhaid fhad is a bhí mé sa bhaile. An mhaidin ina dhaidh sin, mo mhaidin deireanach sa tír, fuair mé beart sa bhosca litreacha: leabhar a scríobh sé a bhí ann mar bhronntanas dom. Sin cineáltas duit.

‘Oscail do shúile agus ansin oscail aríst iad.’ B’shin comhairle Granny Weatherwax i leabhar Terry Pratchett. Sin an draíocht. Sin atá le déanamh againn. Feicimid na daoine mór thimpeall orainn agus labhraíonn muid as Béarla leo. Ach má fheiceann muid arís ón gcroí, le tuiscint, feicfimid go bhfuil Gaeilge acu agus fonn orthu í a labhairt. Tá orainn an doras a oscailt don domhan eile sin nach bhfuil i bhfad uainn. Ach caithfear é a oscailt go ciúin is an teanga a mhealladh amach go binn le cion is le dearbhú. Sin an rún. Taispeáin di ‘bóthar éasca cothrom.’ Áit slán ó náire. Áit lán le háthas is bród. “People will respond to an opportunity to engage with the language,” a dúirt Micheál O Foighil ag caint leis an bpáipéar seo le déanaí i http://www.irishtimes.com/life-and-style/the-youtube-approach-to-learning-irish-1.1496607 Ní hamháin sin. Tá siad ag súil go mór leis le fada, i ngan fhios dóibh fhéin.

Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn. Tá
rogha againn. ‘Sé m’aistear é. Níl fhios cén fhad a mhairfidh sé.’
Roghnaím saol le Gaeilge mar ansin atá an muintearas. Is réabhlóid
chiúin í an Aiséirí na Gaeilge seo. Ach is féidir linn
go léir bheith páirteach ann ag tosnú le “Ceist. An bhfuil Gaeilge
agat?” Tá Gaeilge i ngach áit. Tosnaíonn sé linne.
Is fianaise í seo nach mór a léamh ag gach duine, táim anseo chun an domhan ar fad a chur ar an eolas faoi fhear a shábháil mo chaidreamh agus tugtar an Dr. IZOYA ar an fhear mór seo. Go deimhin rinne sé post iontach dom trí mo shean-leannán a d'fhág mé a thabhairt ar ais agus gealltanas a thabhairt dom gan filleadh ar ais chugam arís. Leis seo, táim tar éis teacht ar an tuiscint go ndéanfaidh an t-eolas atá ag an Dr. Is féidir leat teacht air trína sheoladh ríomhphoist: drizayaomosolution@gmail.com. Nó a uimhir a bhfuil a app +12098373537. Déan teagmháil leis agus féach conas a réiteofar d'fhadhb laistigh de 24 uair. Déanann sé speisialtóireacht ar na hábhair seo a leanas freisin ...
ReplyDelete(1) Ba mhaith leat do shean-ais.
(2) Ba mhaith leat a chur chun cinn i d'oifig.
(3) Ba mhaith leat fir / mná a leanúint leat.
(4) Tá leanbh uait.
(5) Is fiontraí thú agus is mian leat conarthaí a bhuachan.
(6) Ba mhaith leat go mbeadh do fhear céile leatsa go deo.
(7) Teastaíonn cúnamh spioradálta uait.
(8) Tá tú scammed agus ba mhaith leat airgead caillte a aisghabháil.
(9) Stop an colscaradh.
(10) Deasghnátha airgid a agairt.
(11) Toghcháin a bhuachan.