ó Scéalta Chois Cladaigh
le John Henry
Bhí, fad ó shin, bhí dílleachta beag thiar ‘ an Tír Thiar, thaobh
thiar de Bhaol an Mhuirthead. Bhí sí istigh ag a máthair mór. Agus, ar
ndóigh, an áit a bhfuil dílleachta mar sin, nuair a bhéas sé (an
dílleachta bocht ) fásta suas, bíonn cineál sclábhaíocht bheag oibre le
déanamh aige thar dhuine eile.
Ach bhí an dílleachta bocht seo, bhíodh sí saigheadaithe amach gach
uile lá le ba, ag faire ba síos ar an dumnaigh,
dumnaigh a dtugann siad
Dumhaigh Eilí air. Ach bhíodh sí síos ar an dumhaigh gach uile lá ag
faire ar na mbó.
Ach an lá seo, bhí sí thíos ‘ tháinig buachaill óg chuici. Agus
bhuel, bhí an cailín, b’fhéidir go raibh sí ceithre bliana déag nó cúig
bliana déag d’aois. Ach bhí an buachaill óg ag caint léi giota maith.
Ach d’imigh sé ar deireadh. Ach,
by gearrachaí, nuair a tháinig
sí abhaile san oíche chuig a máthair mhór ( tá ‘fhios ‘at, bhí a
máthair agus a athair curtha, ba dílleachta a bhí inti) d’fhiafraigh an
mháthair mhór di:
“Cén sórt gábh a bhí tú inniu?” a deir sí. “Tá tú ag amharc an-mhíshuaite,” a deir sí. “Ní thaitníonn tú liom.”
“Ní raibh mé i ngábh ar bith,” a deir sí.
” Má…bhuel, bhí rud éigin ort. B’fhéidir gur iomarca siúil nó
routeáil a rinne tú,” a dúirt an máthair mhór léi.
“Ní hea,” a deir sí.
‘Lá arna mhárach cuireadh leis na ba arís í síos go Dumhaigh Eilí.
Ach nuair a bhí sí thíos, an créatúir, tháinig an buachaill óg chuici
arís agus bhí sé ag caint léi.
“Bhuel,” a deir sé léi. “An gcíorfá mo chloigeann dom?” a dúirt sé.
“Cíorfaidh,” a dúirt sí.
Ní raibh aon chiall aici. Bhí ráca ina phóca aige agus chíor sí a
chloigeann. Agus bhí sé ansin ag caint léi scathamh. Agus d’imigh sé.
Ach nuair a tháinig sí abhaile…
“Bhuel,” a dúirt an mháthair mhór léi. “Tá rud éigin as bealach
leat,” a dúirt sí. “Ní thaitníonn tú liom ar chor ar bith. Tá drochdhath
ort. Céard ‘tá ort ar chor ar bith?”
“Níl rud ar bith orm,” a dúirt an gearrachaile. “Ní aithním tada. Ní fheicimse. Ní mhoithím rud ar bith,” a deir sí.
“Bhuel, bíonn tú ag déanamh an-
routeáil,” a dúirt sí, “nó ag déanamh an-súgradh thíos ar an dumhaigh nó an mbíonn éinne agat?”
“Ní bhíonn,” a deir sí.
Ach ba é cic an scéil é, chuaigh sí síos an triú lá leis na ba agus
tháinig an buachaill óg chuici arís agus shuigh sé lena taobh.
“Bhuel,” a deir sé. ” Breathnaigh ‘mo choigeann,” a deir sé. “Agus cuir mo ghruaig dá chéile agus
shtáil mo ghruaig dom,” a deir sé.
Agus rinne an créatúir sin, ar ndóigh. Bhí sí díchéillí an uair sin. Tháinig sí abhaile an oíche sin agus na ba léi.
“Bhuel,” a deir an mháthair mhór léi. “Tá rud éigin ort,” a dúirt sí.
Bhí an gearrchaile ag cailleadh agus ag éirí míshuait agus í bán go maith faoina haghaidh.
“Bhuel,” a deir sí. ” A
ghranny,” a deir sí. “Tá fear óg ag tíocht chugham le trí lá,” a dúirt sí.
Agus d’inis an bhean óg di gach aon tsórt.
“Feicim anois,” a deir an mháthair mhór. “Bhuel, anois,” a dúirt an
mháthair mhór. “Nuair a ghabhas tú síos amárach, nuair a thiocfas sé
chugat, abair leis an fear,” a dúirt sí, “go bhfuil gamhain tinn ag do
mháthair mhór ins an teach agus ‘cén leigheas atá air lena choinneál
beo.”
“Maith go leor,” a dúirt sí.
Bhí go maith is ní raibh go dona. An ceathrú lá, chuaigh an cailín óg
síos. Bhí sí ina gearrachaile óg ar ndóigh idir cúig bliana d’aois agus
sé bliana d’aois. Chuaigh sí síos leis na ba agus tháinig an fear óg
chuici agus shuigh sé ag a taobh. Agus sular dhúirt sé tada, dúirt an
bhean óg go raibh gamhain óg ag a mháthair mhór agus go raibh sé go
dona,
slackáilte go maith agus go raibh sé ‘mórán an bás air.
“Bhuel anois,” a deir an fear óg. “Leis an ngamhain a choinneáil beo,
abair le do mháthair mhór nuair a gheobhas tú abhaile anocht, abair léi
mún bréan, cacanna cearc, scian na coise duibhe agus an tseanúir a dhó
agus a shuathadh fud a chéile agus a chroitheadh ar an ngamhain agus
gnóthóidh sé.”
“Maith go leor,” a dúirt an bhean óg.
Ach scathamh ina dhiaidh d’imigh an buachaill óg uaithi agus tháinig an bhean óg abhaile.
“Bhuel,” a dúirt an mháthair mhór léi, “an dtáinig an fear óg inniu chugat?”
“Tháinig,” a dúirt an cáilín.
“Bhuel,” a deir sí, “ar dhúirt tú an chaint sin leis?”
“Dúras,” a dúirt an cailín óg.
“Bhuel, cén leigheas a thug sé duit ar an ngamhain?” a dúirt sí.
“Bhuel, dúirt sé leat cacanna cearc a dhéanamh suas, mún bréan agus
uisce coisreac, scian na coise duibhe a mheascadh ann agus é sin a
chroitheadh ar an ngamhain.”
“Maith go leor,” a dúirt sí.
Ní dhearna an chailleach… Bhí pota múin bhréin istigh aici le
haghaidh tuaradh bréidín. Ba shin an leigheas a bhí ‘ fad ó shin le
haghaidh bréidín. Ach rinne sí suas cacanna cearc, an mún bréan, an
tseanúir a dhó agus a mheascadh fud a chéile agus an t-uisce coisreac
agus chuir sí i mbuidéal dó é.”
“Anois,” a dúirt sí leis an mnaoi óg, “nuair a ghabhas tú síos
amárach leis na ba, nuair a thiocas an fear óg seo chugat, ar áit na
bonn a suífidh sé agat, croith braon de seo air go bhfeicfidh tú céard a
dhéanfaidh sé.”
Thug an bhean óg an buidéal ina póca léi agus an búiléiste sin déanta
suas ann. Ach nuair a shuigh an buachaill óg ag a taobh mar i gcónaí,
ní dhearna sí ach an buidéal a tharraingt amach as a póca agus a
chroitheadh ar an mbuachaill óg. D’éirigh sé in aon bhall tine amháin
agus d’imigh sé leis ar fud na farraige móire.
Tháinig an bhean óg abhaile agus d’inis sí an scéal don mháthair mhór.
“Anois,” a dúirt sí, “tá do leigheas déanta. Beidh tú i do chailín mhaith go fóill.”
Sin é mo scéal.